Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Lá Dearg: Leanann an feachtas

$
0
0

Busanna ag taisteal ó cheann ceann na tíre don Lá Dearg i mBéal Feirste

Ag leanúint ó ‘Lá Mór na Gaeilge’ i mBaile Átha Cliath agus léirsiú ‘Slán le Seán’ i gConamara, tabharfaidh Gaeil na tíre aghaidh ar Bhéal Feirste ar an Satharn beag seo, 12 Aibreán, mar chuid de ghluaiseacht úr na Gaeilge.

Shiúil suas go 10,000 duine ar shráideanna Bhaile Átha Cliath i mí Feabhra chun a gcearta teanga agus comhionannas don Ghaeilge a éileamh agus tá an-dlús curtha leis an ngluaiseacht ó shin. Cuirfear leis arís ar an Satharn nuair a thiocfaidh slua mór Gael le chéile le haird a tharraingt ar na constaicí a chuirtear os comhair  lucht na Gaeilge ó thuaidh.

Deir eagraithe go bhfuil An Lá Dearg á eagrú “chun Cearta, Cothromas agus Cóir a bhaint amach don Ghaeilge agus dá lucht labhartha”.

Tá beartaithe go mbeidh busanna ag taisteal go Béal Feirste ó mhaidin ar an Satharn. Beidh dreamanna ag taisteal as Gaillimh, Baile Átha Cliath, Cill Dara, an Lú, Dún na nGall, Tír Eoghain, Doire, an Dún, Ard Mhacha agus Muineacháin.

Tá lucht an fheachtais ag éileamh ar Thionól Thuaisceart Éireann:

  • Acht Gaeilge cuimsitheach ceart-bhunaithe a achtú ó thuaidh
  • Go gcomhlíonann an Stát ó thuaidh a ndualgas reachtúil le go bhforbrófar Córas Gaeloideachais Cuimsitheach
  • Go gcuirfear acmhainní cuí ar fáil d’fhorbairt Phobal na Gaeilge

Beidh an slua ag bualadh ag Cultúrlann McAdam Ó Fiach, Bóthar na bhFál, ag 2pm agus as sin tabharfar aghaidh ar Chearnóg Theach an Chustaim, i lár chathair Bhéal Feirste.

©Foilsithe ar Gaelport.com 7 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cinneadh Oifig an Choimsinéara Teanga a nascadh le hOifig an Ombudsman tarraingthe siar

Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha

Ábhar muiníne fós le tabhairt do mhuintir na Gaeilge

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>