Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Dlúthdhioscaí gleoite le buachan

$
0
0

Tá lúcháir orainn an tseachtain seo go mbeidh deis iontach ag duine amháin dlúthdhioscaí  gleoite ‘Affinity’, ‘ Disgrace Notes’ agus ‘Is Duitse a Bheirim Grá’ a chrochadh leo.

Affinity - Máire Ní Bhraonáin & Cormac De Barra
Seo dlúthdhiodca den scoth ó na ceoltóirí agus amhránaithe cumasacha Máire Ní Bhraonáin ón mbanna ceoil clúiteach Clannad, agus an cruitire aitheanta Cormac De Barra. Tá meascán iontach de cheol agus d’amhráin draíochtacha ar an dlúthdhiosca gleoite seo le meascán iontach d’amhráin Ghaeilge agus Bhéarla. I measc na n-amhrán atá le cloisteáil tá Crúiscín Lán, Captain O’Kane, Seoithín Seo, Stóirín Rua, Ardaigh Cuan, Suas Síos mar aon le go leor eile.

Tá clú agus cáil dhomhanda ar Mháire Ní Bhraonáin mar amhránaí agus mar cheoltóir den scoth le blianta fada. Bhí sí ainmnithe i gcomhair dhá ghradam Grammy agus bhain sí gradam Emmy amach. Ní ón ngaoth ná ón ngrian a thóg Cormac De Barra a chuid ceoil. Go deimhin bhí saibhreas fonnadóireachta agus an cheoil i gcónaí sa teaghlach agus tá Cormac ar an tríú glúin chun an chruit a thabhairt leis mar rogha d’uirlis cheoil.

Disgrace Notes - Séamus Ó Beaglaoich & Tim Edey
Tá meascán iontach de Pholcaí agus amhráin Ghaeilge ar an dlúthdhiosca gleoite seo. Is as Gaeltacht Chorca Dhuibhne in iarthar Chiarraí don cheoltóir clúiteach Séamus Ó Beaglaoich. Is minic a thugtar Rí an Bhosca Ceoil air agus is amhránaí den scoth é freisin. Is minic a bhíonn sé le cloisteáil ag ceolchoirmeacha éagsúla timpeall na tíre agus thar lear.

Tá aithne mhór ar Tim Edey mar cheoltóir den scoth. Tá se ina mháistir ar uirlisí éagsúla amhail an melodeon, an bosca ceoil, giotár, bainseó, , pianó, mandolin, feadóg stáin, bodhrán agus an bouzouki ina measc.

Is Duitse a Bheirim Grá - Síle Ní Fhlaithearta
Amhráin ina teanga dhúchais féin agus a chuala Síle cois teallaigh ó bhí sí ina girseach óg i mBaile an tSléibhe atá i riar maith de na hamhráin atá ar an dlúthdhiosca seo. Is cinnte go bhfuil macallaí a muintire féin agus an Spidéil le cloisteáil in amhráin mar 'An Draighneán Donn', Dónall Óg’, 'Brídín Bhéasaigh' Brídín Óg Ní Mháille,‘ ‘Eileanóir na Rún’ agus 'Casadh an tSúgáin', mar aon le go leor eile.

 

Chun go mbeidh d’ainm istigh sa mhála mór do na duaiseanna iontacha seo níl ort ach d’ainm agus sonraí teagmhála a sheoladh chuig duais@comhdhail.ie roimh mheán lae, 15 Aibreán 2014.

Comhghairdeas le Íte Ní Chionnaith a bhuígh beart leabhar de chuid Cois Life an tseachtain seo caite.

©Foilsithe ar Gaelport.com 8 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Gearrliosta na nGradam Cumarsáide Fógartha

Craobh Ceannais Comórtas Filíochta Uí Neill 2014

An Lá Dearg: Leanann an feachtas

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>