Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Deireadh i ndán do sheirbhísí Gaelport.com um Cháisc

$
0
0

Is é seo an dara heagrán deireanach de 7 na Seachtaine.

D’fhógair Cathaoirleach Fhoras na Gaeilge, Liam Ó Maolmhichíl, ”ré úr i bhforbairt na Gaeilge” in Eanáir 2014 nuair a d’fhógair sé ainmneacha na sé cheanneagraíocht a roghnaíodh le feidhmiú i sé mhór-réimse oibre agus a bheidh maoinithe amach anseo ag Foras na Gaeilge.  Ó tharla nár roghnaíodh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, an eagraíocht a riarann Gaelport.com, le bheith ina ceanneagraíocht, fágann sin nach bhfuil de rogha ag Bord na Comhdhála anois ach deireadh a chur le fostaíocht an tseisir ar an bhfoireann, agus deireadh a chur leis na seirbhísí reatha a bhíonn á soláthar ag an gComhdháil.

Ó fógraíodh an cinneadh i mí Eanáir, tá plé á dhéanamh le dreamanna éagsúla maidir le haistriú na dtionscadal reatha atá faoi chúram na Comhdhála, chun rathúlacht na dtionscadal sin a chinntiú amach anseo.  Cé go bhfuil dul chun cinn áirithe déanta sa phlé seo, tá bac ar leith air, ó tharla nach fios do na ceanneagraíochtaí go fóill cé na hacmhainní, idir dheontas agus fhoireann, a bheidh ar fáil dóibh tar éis 30 Meitheamh 2014.

Agus iad roghnaithe mar cheanneagraíocht faoin réimse Ardú Feasachta, Cosaint Teanga agus Ionadaíocht (thar ceann na teanga le húdaráis stáit), leagfaidh Foras na Gaeilge feidhmeanna ar leith ar Chonradh na Gaeilge.  Ar cheann de na feidhmeanna seo beidh “Suíomh tairsigh Gaeilge a fhorbairt agus a choinneáil cothrom le dáta”.

Cé go raibh plé idir Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Conradh na Gaeilge maidir leis an tseirbhís Gaelport.com a aistriú anonn don cheanneagraíocht roghnaithe, ghlac Bord Fhoras na Gaeilge cinneadh ar an 28 Feabhra 2014 a chuirfeadh bac ar a leithéid d’aistriú, agus é curtha in iúl nach mbeidh Foras na Gaeilge sásta Gaelport.com a mhaoiniú i ndiaidh 30 Meitheamh 2014 cuma cé acu eagraíocht a bheidh á riaradh.  

Tá an-rath ag baint le seirbhísí Gaelport.com, agus tá an t-éileamh ar an tseirbhís ag dul ó neart go neart – Breis agus 1,000,000 amas sa bhliain a fhaigheann an láithreán gréasáin, tá 7,000 síntiúsóir cláraithe dá ríomhirisí, agus is iomaí duais agus gradaim atá bainte amach ag Gaelport le blianta.  

Dúirt Kevin De Barra, Stiúrthóir na Comhdhála: “Nuair a fógraíodh i mí Eanáir go mbeadh Foras na Gaeilge ag cur deireadh le maoiniú na Comhdhála, thuigeamar go mbeadh orainn ár bhfoireann a ligean chun siúil.  Bhíomar den tuairim go mbeadh an deis againn na tionscadail atá faoinár gcúram, ar nós Gaelport.com, a thabhairt ar lámh do dhream éigin eile ionas go leanfadh an tseirbhís don phobal, ach faraor, tuigtear dúinn anois nach bhfuil an deis sin i ndán do Gaelport.com”.

Deir De Barra: “Tá bunachar sonraí de shíntiúsóirí forbartha againn le blianta anuas, ach beidh cosc orainn an bunachar seo a chur ar fáil d’aon dream eile toisc cúrsaí cosanta sonraí.  Is mór an feall é seo ar phobal na Gaeilge go mbeidh deireadh á chur anois le seirbhís nuachta agus eolais atá iontach rathúil, go háirithe nuair atá sé soiléir go bhfuil tóir ar leith uirthi”.

Tiocfaidh deireadh leis an nuashonrú ar Gaelport.com um Cháisc.  Mairfidh an suíomh beo go dtí 30 Meitheamh 2014, ach tar éis an dáta sin, ní bheidh fáil ar an láithreán gréasáin, nó aon cheann de na mílte alt atá ar fáil faoi láthair sa chartlann ar an suíomh.  Tiocfaidh deireadh le fostaíocht an tseisir ar fhoireann na Comhdhála ar an 30 Meitheamh 2014.  


©Foilsithe ar Gaelport.com 8 Aibreán 2014

Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:

Cosaint déanta ar neamhspleáchas an Choimsinéara Teanga

Craobh Ceannais Chomórtas Filíochta Uí Neill 2014

An Lá Dearg: Leanann an feachtas

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>