Ag eascairt as fógra Fhoras na Gaeilge i mí Nollaig na bliana seo caite go reáchtálfar scéim nua chun maoiniú a chur ar fáil do nuachtán seachtainiúil Gaeilge ar líne, tá tugtha le fios inniu, 11 Aibreán 2014, gurb é an comhlacht Tuairisc.ie a bhain an conradh chun an tseirbhís a chur ar fáil.
Ó tharla go ndeachaigh dhá nuachtán clóite Gaeilge in éag in 2013, Gaelscéal agus Foinse, reáchtáladh próiseas comhairliúcháin le mianta phobal na Gaeilge ó thaobh sheirbhísí nuachta de a chíoradh.
Ag leanúint ón bpróiseas comhairliúcháin rinneadh an scéim nua a fhógairt ag deireadh na bliana seo caite ar a bhfuarthas sé iarratas ina iomlán. Cuireadh gach iarratasóir faoi agallamh agus is é an comhlacht Tuairisc.ie a thug an conradh leis.
Is ar an Spidéal i gConamara atá Tuairisc.ie lonnaithe agus é faoi stiúir ag lucht cleachta nuacht na Gaeilge - Seán Tadhg Ó Gairbhí, Micheál Ó Cinnéide, Seán Ó Mainnín, Emer Ní Dhomhnaill agus Ciarán Ó Súilleabháin.
Faoin scéim, beidh nuachtán ar líne le soláthar go seachtainiúil saor ó tháille. Cé gur léirigh rannpháirtithe an-éileamh ar nuachtán clóite le linn an phróisis chomhairliúcháin tá deimhnithe ag Foras na Gaeilge gur nuachtán ar líne amháin a bheas i gceist leis an tseirbhís nua.
Díreoidh an tseirbhís ar riachtanais phobal uile na Gaeilge i dtaca le gach cineál nuachta, bunaithe go príomha ar an tuairisceoireacht scríofa agus ar an tráchtaireacht scríofa.
“Beidh muid ag súil anois le Tuairisc.ie bheith ina fhoinse luachmhar nuachta do phobal na Gaeilge, chan amháin in Éirinn ach níos faide anonn, agus fiú bheith ina eiseamláir nuálach d’earnáil na hiriseoireachta i gcoitinne”, a dúirt Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge, Ferdie Mac an Fhailigh.
Tá deimhnithe go mbeidh naonúr fostaithe sna hoifigí i gConamara ar bhonn leanúnach, idir lánaimseartha agus pháirtaimseartha, chomh maith le deichniúr de cholúnaithe aitheanta mar chroí-fhoireann de shaor-iriseoirí ag soláthar ábhar don nuachtán.
Tagann fógra an lae inniu sna sála ar chinneadh de chuid Fhoras na Gaeilge ar 28 Feabhra 2014 deireadh a chur leis an maoiniú reatha do na hirisí Feasta, An tUltach, agus NósMag agus leis na láithreáin ghréasáin Gaelport.com, Beo.ie agus Saol.ie.
Conradh 4 bliana de luach €1.2 milliún, nó €300,000 in aghaidh na bliana, atá le haontú ag Foras na Gaeilge le Tuairisc.ie. Táthar ag súil go mbeidh an nuachtán ar líne a sholáthar faoi dheireadh an tsamhraidh ón suíomh idirlín www.tuairisc.ie. Tugadh le fios inniu freisin go ndéanfar fógra ag deireadh mhí na Bealtaine i dtaca le scéim dírithe ar fhoilseachán stíl mhaireachtála.
©Foilsithe ar Gaelport.com 11 Aibreán 2014
Seans go mbeidh spéis agat sna scéalta a leanas:
An tua le titim ar iriseoireacht scríofa na Gaeilge
Deireadh i ndán do sheirbhísí Gaelport.com um Cháisc
Coiste Comhairleach don Straitéis 20 Bliain Ceaptha
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge