Rinneadh Gradam Ceoil TG4 2014 a cheiliúradh i gCeoláras na hOllscoile, Luimneach, ag an deireadh seachtaine ag searmanas speisialta a bheas le feiceáil ar TG4 ar Dhomhnach Cásca.
Gach bliain, tugann na gradaim seo aitheantas do cheoltóirí agus d’eagraíochtaí ar fud na tíre a bhfuil meas ar leith ag an bpobal orthu.
Is é fear na feadóige móire agus na bpíobaí uilleann as deisceart Bhéal Feirste, Harry Bradley, a ghlac le Gradam Ceoil na bliana seo. Bhí an-tionchar ag ceoltóirí ar nós Séamus Tansey, Dessie Wilkinson, John Carty agus Séamus Ennis ar stíl ceoil Harry.
Tá Harry áirithe ar dhuine de shárcheoltóirí na linne agus máistir ar an bhfeadóg mhór le trí dhlúthdhiosca dá cheol aonair eisithe aige agus ceol leis le fáil freisin ar dhlúthdhioscaí leis an ngrúpa Altan, The Blue Idol agus The Poisoned Glen.
I measc na nduaiseoirí eile bhí an boscadóir óg as Tuairín Chathail i gCo. Chiarraí, Bryan O’Leary, a ainmníodh mar cheoltóir óg na bliana. Is garmhac é Bryan leis an mboscadóir aitheanta, Johnny O’Leary, nach maireann, fear a fuair Gradam Saoil TG4 in 2003. Tá tionchar cheantar Shliabh Luachra le cloisteáil go soiléir ina chuid ceoil.
Ag an searmanas speisialta ag an Deireadh seachtaine, bronnadh Gradam Saoil ar an gceoltóir cumasach ar an gconsairtín, Chris Droney as Béal an Chlogga i dtuaisceart Chontae an Chláir. Chomh maith leis sin bronnadh an Gradam Comharcheoil den chéad uair riamh le linn Gradaim Ceoil TG4 i mbliana agus is é Comhpháirtíocht Goodman a bhain an duais speisialta seo amach.
Bronnadh Gradam Comaoine ar Mick Moloney, ceoltóir as Luimneach ó dhúchas atá tar éis blianta fada a chaitheamh ag cur cheol traidisiúnta na hÉireann chun cinn i Stáit Aontaithe Mheiriceá.
Ghlac an t-amhránaí clúiteach Nan Tom Taimín de Búrca le Gradam Amhránaí na bliana. Is as ceantar Iorras Aithneach i gConamara do Nan Tom Taimín de Búrca. Tá clú agus cáil ar Nan mar amhránaí sean-nóis den scoth agus bhain sí Corn Uí Riada amach ag Oireachtas na Gaeilge i 1998.
Bronnadh duais airgid agus dealbh speisialta coimisiúnaithe ag John Coll ar na buaiteoirí ar fad ar an oíche.
Craolfar an ócáid mar chlár speisialta ar TG4 ar Dhomhnach Cásca, 20 Aibreán, ar 9.30pm, agus é curtha i láthair ag an amhránaí agus an ceoltóir aitheanta, Muireann Nic Amhlaoibh, agus ag an gcraoltóir agus an láithreoir teilifíse, Páidí Ó Lionáird.
©Foilsithe ar Gaelport.com15 Aibreán 2014
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Corn Uí Néill ag filleadh go hAlbain arís
Gradam Sheosaimh Uí Ógartaigh bronnta ar Tesco Gaillimh
Doire ag ullmhú don Fhéile Idirnáisiúnta Pan Cheilteach
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #Gaeilge