Inniu seolfaidh Páraic Breathnach, Bainisteoir Ionad Ealaíon na Gaillimhe, eolas agus bróisiúr faoi rian ceardaíochta Ghaeltacht Chonamara i gCeardlann an Spidéil i gContae na Gaillimhe. Seolfar é mar chuid d’fhéile na ceardlainne sa Spidéal a thosaigh ar 26 Aibreán agus beidh ceardlanna agus ranganna ar fáil don phobal mar chuid den bhféile go dtí 30 Aibreán.
↧