Is é Liam Ó Cuinneagáin, oideachasóir agus Cathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta atá roghnaithe mar bhuaiteoir do Ghradam an Phiarsaigh 2011. Mheas moltóirí an Ghradaim go raibh idéalacha an Phiarsaigh á gcur chun cinn aige san obair gan staonadh atá déanta aige ar son ar son phobal na Gaeltachta agus na Gaeilge, agus an chultúir Ghaelaigh le blianta fada anuas, ní hamháin in Éirinn ach san Eoraip agus i Meiriceá freisin.
↧