Reáchtáiltear comórtas filíochta le linn Chuairt na bhFilí Albanacha, chun údair a spreagadh chun dul i mbun pinn i nGaeilge na hÉireann agus na hAlban. Ar an 7 Aibreán, tionóladh craobh ceannais Chomóras Filíochta Uí Néill, i gCois Teallaigh, Sráid Chill Dara, BÁC 2, mar ócáid dheireadh de Chuairt na bhFilí Albanacha na bliana seo. Comórtas filíochta dátheangach é seo ata ainmnithe in ómós Col. Eoghan Ó Néill, duine de bhunaitheoirí Chuairt na bhFilí Albanacha, atá ar an bhfód le hos cionn 40 bliain.
↧