Tá an saothar bunaithe ar thaighde Shiobhán Seoighe, gur de bhunadh Rath Chairn í. Rinneadh an taighde le linn di bheith ag dul do chéim mháistreachta in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Bhailigh clann agus cairde Siobhán le chéile do sheoladh an leabhair i halla Ráth Chairn Dé Sathairn seo caite.
Is í an aidhm atá leis an leabhar ná bailiúchán cuimsitheach de théacsanna na n-amhrán agus na ndánta a cumadh agus is féidir a thiomsú le chéile
Tá réamhaiste anailíse ann ina ndéantar iniúchadh ar na téamaí, mothúcháin agus gnéithe sóisialta na n-amhrán agus na ndánta.
Faightear léargas agus eolas ar na filí, ar an bpobal agus ar an tsochaí i gcoitinne, tá cruthú sóisialta agus stair na háite le fáil ann. Chomh maith leis sin tá nótaí beathaisnéis na n-údar a bhfuil trácht orthu sa leabhar.
Ba é cathaoirleach Ghlór na nGael, Pat Carey agus ceannasaí Raidió na Gaeltachta Edel Ní Chuirreáin a rinne an leabhar a sheoladh.
Ta údar an leabhair, Siobhán Seoighe ag obair leis an bhForas Patrúnachta faoi láthair.
Is féidir cóipeanna de Ráth Chairn na Gréine le Siobhán Seoighe a fháil ar www.udar.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com 05 Nollaig 2011
↧