Beidh an seimineár “Buntáiste Breise na Gaeilge” á reáchtáil ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge in ionaid éagsúla timpeall na tíre le linn 2011. I mí Márta na bliana seo bhailigh slua ollmhór de dhaltaí scoile in Óstán An Dolmen i gCeatharlach ag ceann de na seimineáir seo agus i mí Dheireadh Fómhair agus mí na Samhna beimid ag díriú ar ionaid i gCora Droma Rúisc, i gCarraig Mhachaire Rois, i Luimneach agus i bPort Láirge.
↧