Tá fás agus borradh tagtha ar líon na gcomharthaí dátheangacha atá ag dul in airde sa chathair le cúpla bliain anuas. Tá a bhuíochas sin ag dul d’obair ghnólachtaí na Cathrach i gcomhar le Gaillimh le Gaeilge, Comhairle Cathrach na Gaillimhe, Cumann Tráchtála na Gaillimhe agus grúpaí eile chun íomhá uathúil na Gaillimhe a fhorbairt le stádas dátheangach a bhaint amach don chathair.
↧