Roghnófar an t-amhrán is fearr ag an gcomórtas náisiúnta a bheidh ar siúl in Óstán Seven Oaks i gCeatharlach Déardaoin 8 Márta. Cuirfidh Daithí Ó Sé na hamhráin i láthair don phobal agus beidh Ollie Hennessy ina stiúrthóir ceoil don oíche.Roghnófar an buaiteoir náisiúnta an oíche sin agus rachaidh sé nó sí san iomaíocht leis na hamhráin nua-chumtha eile ó na tíortha ceilteacha eile ag an bhFéile Phan-Cheilteach i gCeatharlach, 10-15 Aibreán.Tá an comórtas oscailte d’amhráin thraidisiúnta, do phopamhráin, d’ amhráin tíre agus d’amhráin rac cheiltigh ach ní foláir do na focail agus an ceol a bheith nua-chumtha agus a bheith as Gaeilge.Tá rialacha agus foirmeacha iarratais ar fáil ar shuíomh greasáin www.panceltic.ie nó is féidir glaoch ar oifig Pan Cheilteach i gCeatharlach ar 059 9158105, 087 2857048. ©Foilsithe ar Gaelport.com 01 Nollaig 2011.
↧