Sna sála ar dhíospóireacht sa Dáil maidir le Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge de chuid an Rialtais Déardaoin seo caite (26 Bealtaine 2011), tá práinn agus tábhacht níos mó ná riamh ag baint leis an lá eolais atá eagraithe ag Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta do pholaiteoirí in Óstán Buswells, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, ó 8.00rn - 6.00in an Chéadaoin bheag seo, 1 Meitheamh 2011.
↧