Beidh Comórtas Peile na Gaeltachta ar siúl i gCloch Cheann Fhaola i dtír Chonaill ón 3-6 Meitheamh 2011. Cuireadh tús leis an gcomórtas sa bhliain 1969 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin. Is éard atá sa Chomórtas ná ilchomórtas Peile Gaelach agus deireadh seachtaine mór spóirt agus cultúrtha idir fhoirne Sóisir agus Sinsir, fhir agus mhná trí mheán na Gaeilge i gceantar Gaeltachta le linn dheireadh seachtaine na Cincíse gach bliain.
↧