Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cruinniú feachtais maidir le hOifig an Choimisinéara

$
0
0

Bhí an Teachta ag labhairt ag seimineár poiblí a d’eagraigh Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta i gCathair na Gaillimhe ar 2 Nollaig. Ba é an cónascadh idir Oifig an Choimisinéara Teanga agus Oifig an Ombudsman ba mhó a bhí faoi chaibidil ag an gcruinniú.  Dúirt Ó Cuív go raibh na ‘Sir Humphreys’ ann agus bhí go leor acu le fada an lá ag iarraidh an tAcht Teanga a chaitheamh i dtraipisí. Ach dúirt sé go raibh sé dóchasach gur féidir cath an Choimisinéara a bhuachan.  Dúirt sé nach raibh aon chiall ann na cúraimí maoirseachta i dtaobh cearta teanga a aistriú ar ais chuig Oifig an Ombudsman tar éis don stát oifig neamhspleách a bhunú. "Bhí sé de chúram ar Oifig an Ombudsman cearta teanga phobal na Gaeilge a chosaint roimh theacht Acht na dTeangacha Oifigiúla i 2003, ach ba léir nach raibh sin ag tarlú agus sin an fáth go bhfuil géarghá go gcoimeádfaí Oifig an Choimisinéara Teanga iomlán neamhspleách”, a dúirt sé. Thug Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí  Chonradh na Gaeilge le fios gur tháinig an cinneadh aniar aduaidh ar na heagrais Ghaeilge nuair a fógraíodh é i lár  Mhí na Samhna  agus cheistigh sé polasaí agus tiomantas an stáit i leith na teanga i bhfianaise na gcinntí a ghlacadh le tamall anuas. Agus thug sé  le fios go raibh iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise  déanta ag an dá eagraíocht maidir leis an gcinneadh.  Labhair an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh ag an ócáid agus thug sé le fios nach raibh aon teagmháil ceart déanta ag an Roinn le ceachtar den dá Oifig sular fógraíodh an cónascadh mar chuid den athchóiriú ar an státchóras. Cheistigh an Dr Conchúr Ó Giollagáin Ó Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge tiomantas an rialtais i leith na Gaeilge agus i leith mhuintir na Gaeltachta agus labhair sé go h-éadóchasach maidir le feidhmiú na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge.  Dúirt sé go raibh tréimhse ‘ thar a bheith íogair romhainn’ agus nach raibh sa Straitéis ach ‘straitéis do na eagrais amháin' agus nach raibh aon pholasaí ann do mhuintir na Gaeltachta. Tá beartaithe ag Conradh na Gaeilge agus ag Guth na Gaeltachta tús a chur le feachtasaíocht ar cheist an Choimisinéara idir seo agus deireadh Mhí Eanáir nuair a cuirfear críoch leis an gcomhairliúchán poiblí maidir leis an Acht Teanga. ©Foilsithe ar Gaelport.com 6 Nollaig 2011

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>