Bhí oíche mhór in Óstán an Burlington ag bronnadh Ghradaim Mhargaíochta na hÉireann. Ba dhóighiúil go maith iad lucht gnó na tíre a bhí i láthair ar an oíche agus iad gan bun cleite istigh ná barr cleite amuigh. B’iontach spreagúil iad na hóráidí misniúla a thug Uachtarán na hÉireann Máire Mhic Ghiolla Íosa agus an Fiontraí mór le rá Denis O Brien. Tá Foras na Gaeilge mar phríomhpháirtí Gaeilge ar an ócáid seo atá eagraithe ag Institiúid Mhargaíochta na hÉireann agus bronntar duais ar an Ghnó is fearr le Gaeilge ar an oíche.
↧