Rian ar leith atá á fhágáil ar fud an chontae ag ealaíontóirí faoin chlár ealaíne poiblí ‘Landmark’ de chuid Chomhairle Contae Mhaigh Eo. Coimisiúnadh roinnt ealaíontóirí le saothair ealaíne a chruthú thart ar Loch Lannach i gCaisleán an Bharraigh agus tosaíodh ar an obair ag tús na bliana. Sraith imeachtaí agus seoltaí saothair ealaíne i nDeireadh Fómhair na bliana seo a bheas mar thoradh ar seo ar fad.
↧