D’fhógair Aire Stáit ag an Roinn Gnóthaí Pobail, Comhionannais agus Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich T.D., Óstán an Menlo Park, Tír Oileán mar bhuaiteoirí iomlán Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh 2011 ag searmanas speisialta in Óstán Glenlo Abbey, Páirc na Sceach, ar an Déardaoin 7 Aibreán 2011. Fógraíodh go raibh ‘Scoil Tumadóireachta na Gaillimhe’, Bóthar na Trá mar bhuaiteoirí ar an gCatagóir le fiche fostaithe nó níos lú.
↧