Tá Gaeilge Locha Riach i ndiaidh cistiú a fháil chun leanúint lena chuid oibre do na blianta 2011 – 2013. Tá an cistiú seo á chur ar fáil ag Foras na Gaeilge, an comhlacht trasteorann a bhfuil freagracht um chur chun cinn na Gaeilge orthu, faoina scéim pobail. San áireamh sa chistiú seo beidh infheistíochtaí d’os cionn €30,000 in aghaidh na bliana i dtionscnaimh pobail agus oideachais a chuireann an Ghaeilge labhartha chun cinn in Oirthear na Gaillimhe.
↧