Is iad an grúpa ‘Éile’ ó Laurel Hill, Coláiste FCJ, Luimneach a thug an chéad áit leo ag craobhchomórtas Siansa Gael Linn sa Cheoláras Náisiúnta Dé Domhnaigh seo caite, 10 Aibreán 2011. Ag ceiliúradh deich mbliana ar an bhfód, tá Siansa anois ar cheann de phríomhchomórtais cheoil agus amhránaíochta na tíre. Tá sé á reáchtáil ag Gael Linn, le tacaíocht ó RTÉ Raidió na Gaeltachta, Foras na Gaeilge agus Irish Music Magazine, chun dlúthcheangal a chothú idir an Ghaeilge, an ceol agus an óige.
↧