Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Feachtas Teanga seolta in Ollscoil Luimnigh

$
0
0

‘Rogha’ is teideal don fheachtas úr a bhfuil sé mar sprioc aige tairiscint ghníomhach a dhéanamh de sheirbhísí trí Ghaeilge san Ollscoil.  Tá i gceist ag an bhfeachtas mic léinn na hollscoile a chur ar an eolas faoi líon na seirbhísí atá ar fáil trí mheán na Gaeilge. Tá  an feachtas á stiúradh ag Aonad na Gaeilge in Ollscoil Luimnigh agus tá neart ócáidí sóisialta beartaithe ag an Aonad do na seachtainí atá amach romhainn mar gheall go bhfuil an tAonad deich mbliana ar an bhfód i mbliana. Ar 9 Samhain, bailíodh daoine  idir bhaill foirne agus mhic léinn agus daltaí ó ghaelscoileanna sa chathair  ar Phlaza na hOllscoile, áit a raibh  an slua ag litriú amach na focail Rogha. Táthar ag súil leis an íomhá a úsáid amach anseo mar íomhá ar phóstaer feachtais chun pobal na hInstitiúide agus an pobal i gcoitinne a mhealladh chun rogha na Gaeilge a dhéanamh ina gcuid gnó leis an Ollscoil. Mar chuid de ghealltanais scéimeanna teanga Ollscoil Luimnigh, ainmníodh baill  foirne mar theagmhálacha le Gaeilge i spriocréimsí éagsúla de riarachán na hOllscoile.  ©Téacs foilsithe ar Gaelport.com 14 Samhain 2011. ©íomha le mauricegunning.com 

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>