Bhailigh na sluaite isteach in ionad INEC sa ríocht le linn na gcomórtas éagsúil sean-nóis a bhí ar siúl le linn Oireachtas na Samhna i gCill Airne don dara bliain as a chéile.
I rith na seachtaine ghlac na céadta páirt in imeachtaí scléip na hóige agus neart imeachtaí éagsúla agus ar an Déardaoin bhí neart comórtas éagsúil faoin lán seoil.
Ar an Satharn bhí Comórtas Chorn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ar siúl san INEC.
Is é corn Uí Riada príomhchomórtas sean-nóis an Oireachtais. Is comórtas do dhaoine fásta idir fhir is mhná atá i gceist agus bíonn neart amhrán agus canúintí le cloisteáil ó dhaoine as gach ceantar in Éirinn agus as áiteanna eile ar fud an domhain mhóir.
Ba é an t-amhránaí cumasach Jimmy Ó Ceannabháin as Ros Muc i gConamara a chroch leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada na bliana seo. Tá aithne mhór ar Jimmy mar fhonnadóir den scoth agus ní raibh biorán le cloisteáil ag titim san INEC agus Jimmy ag casadh leagan draíochtach den amhrán ‘Máire Ní Mhongáin.
Ba í an t-amhránaí aitheanta Máire Ní Chéileachair as Ascail Thobar an Chaipín, Corcaigh a bhain amach an bonn airgid agus Éilís Ní Chonghaile as Baile Mhistéail, Ráth Chairn i gCo. na Mí a bhain an tríú háit amach le linn chomórtas Chorn Uí Riada na bliana seo.
Bhí an-choimhlint ag comórtas na bliana seo le hocht nduine dhéag istigh ar an gcomórtas. Ina measc bhí scoth na n-amhránaithe ó gach coirnéal den tír seo agus ó thíortha eile chun bheith i láthair ag an gcomórtas speisialta seo.
Bíonn an-draíocht ag baint le Comórtas Chorn Uí Riada gach bliain agus bíonn an-tóir ag an hamhránaithe is fear sa tír ar an gcomórtas áirithe seo. Do dhaoine ar fud na tíre nár éirigh leo taisteal chomh fada le Cill Airne mar is gnáth rinne RTÉ Raidió na Gaeltachta craoladh beo ar chomórtas na bliana seo agus bhí siamsaíocht, sean-nós, ceol bríomhar agus craic le cloisteáil ar chlár Rónán Beo tráthnóna Aoine agus bhí agallamh agus tráchtaireacht ar BBC Raidió Uladh agus tá físeán bríomhar Otv le feiceáil ar shuíomh Gaelscéal agus Raidió na Gaeltachta .
Bhí Nuacht TG4 á chraoladh beo ón óstán thar an deireadh seachtaine agus bhí neart siamsaíochta agus damhsa ar an sean-nós le feiceáil.
Ba é an t-amhránaí Liam Ó Cróinín as Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí a bhain amach an chéad áit agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Amhránaithe Sean-nóis Mhúscraí duais i gcomórtas cáilithe d’fhir faoi bhun 35 bliain d’aois agus ba é Iarfhlaith Ó Murchú as Baile na nGall i gCo. Chiarraí a bhain amach an dara háit.
Ba í Éilís Ní Chonghaile as Ráth Chairn Co. na Mí a bhain amach Corn Corn Phádraig Mhic an Rí i gcomórtas Sean-Nóis na mBan agus sa chomórtas céanna agus ba í Eibhlís Uí Thuama as Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí a bhain amach an dara háit.
Don dara bliain as a chéile beidh Corn TG4 ag tabhairt a aghaidh ar cheantar Iorras Aithneach i mbliana. Chroch an damhsóir cumasach Páraic Ó Dubháin as an Aird Mhór, Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe leis an corn le linn comórtas rince aonair ar an sean-nós tráthnóna Sathairn. Bá é deartháir Pháraic, an damhsóir aitheanta Gearóid Ó Dubháin a thug leis an corn seo anuraidh agus ní aon strainséirí iad na fir óga seo don stáitse mar gur minic a bhíonn said le feiceáil ar stáitse ag féilte éagsúla ar fud na tíre agus is maith uathu cois a bhualadh air.
Fear eile as Iorras Aithneach a thug leis an dara háit sa chomórtas, duine de chlann cheolmhar Uí Iarnáin as Roisín na Mainiach i gCarna. Thug Proinsias Ó hIarnáin leis an bonn cré-umha agus ba é a dheartháir Breandán a chroch leis an Corn agus bonn airgid sa chomórtas rince aonair ar an sean-nós idir 15 – 18 mbliana déag.
Is minic a bhíonn Proinsias agus Breandán ar stáitse agus tháinig a ngrúpa ‘Trí Lasadh’ sa dara háit, ionadaithe Scoil Phobail Mhic Dara i gCarna, le linn Shiamsa Gael Linn a bhí ar siúl sa Cheoláras Náisiúnta in Aibreán 2010.
Bhí an-chaighdeán d’amhránaíocht agus rince ar an sean-nós ag Oireachtas na bliana seo idir na comórtais éagsúla agus bí cinnte go raibh ceiliúradh mór á dhéanamh ag na buaiteoirí.
Mhair an ceol, damhsa agus an tsiamsaíocht ó dhubh go dubh, le Club na Féile agus leis an gCabaret Craiceáilte - le ceol den scoth leis na boscadóirí Johnny agus Johnny Óg Connolly, Meataí Joe Shéamuis, Ray Mac Mánais, Breannán Ó Beaglaoich, Breág, Na Rubberbandits , Ciarán Ó Maonaigh, an grúpa clúiteach rock ó na hochtóidí Na Fíréin mar aon le go leor eile.
Beidh súil leis na sluaite arís an bhliain seo chugainn thuas i dTír Chonaill nuair a fhillfidh Oireachtas na Samhna ar Leitir Ceanainn sa bhliain 2012.
Tá liosta de na buaiteoirí eile a ghlac páirt in imeachtaí éagsúla le linn Oireachtas na Samhna 2011 ar fáil anseo. Féach ar ghrianghraif ón óscáid anseo.
©Foilsithe ar Gaelport.com 15 Samhain 2011
↧