As an gCeathrú Rua do Rónán, agus tá breis agus cúig bliana déag caite aige ag obair leis na meáin chumarsáide. Chuaigh sé i mbun oibre le TG4 i 1996 nuair a chuaigh an stáisiún ar an aer den chéad uair. Chaith sé seal ina dhiaidh sin i mbun iriseoireachta le Independent Newspapers, agus ag obair mar eagarthóir ar shuíomh idirlín de chuid Eircom, Cumasc. Chaith sé sealanna freisin mar chomhfhreagraí Bhaile Átha Cliath don nuachtán Foinse, ag soláthar ábhar ar bhonn saoririseoireachta do leithéidí an Irish Times, Magill agus an BBC, agus ag plé le cúrsaí margaíochta agus poiblíochta leis an gcomhlacht Meas Media a bhunaigh sé sa bhliain 2000. Sa bhliain 2002 d’fhill sé ar Nuacht TG4, áit a bhfuil sé ag obair ó shin agus ceapadh é ina Chomhfhreagraí Rialtas Áitiúil le Nuacht RTÉ/TG4 i 2007. Tá cónaí air ar an gCeathrú Rua i gCo. na Gaillimhe, áit a bhfuil sé pósta agus beirt chlainne air.
Labhair Rónán le Gaelport.com agus dúirt go bhfuil sé ar bís chun tús a chur leis an ról nua. “Aithním gurb í an tseirbhís nuachta an seod is luachmhara atá ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. Cuirim romham sa ról nua soláthair na seirbhísí reatha a chinntiú amach anseo, agus na seirbhísí seo a fheabhsú, agus a fhorbairt sa todhchaí. Cé gur am deacair é seo don earnáil chraoltóireachta phoiblí, beidh RTÉ Raidió na Gaeltachta chun tosaigh i gcónaí agus muid ag cur seirbhísí ar fáil dár n-éisteoirí i measc phobal na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge”.
Guíonn Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge gach rath ar Rónán agus é ag dul i mbun a ról tábhachtach sinsearach seo le RTÉ Raidió na Gaeltachta ó thús mhí na Nollag 2011.
© Foilsithe ar Gaelport.com 15.11.2011
↧