Foilsíodh plean an rialtais maidir le hathchóiriú ar an státchóras inniu agus tugadh le fios sa chlár go bhfuil i gceist acu 48 eagraíocht neamhspleách Stáit a chomhcheangal le heagraíochtaí stáit eile. Luaitear sa plean go bhfuil i gceist ag an rialtas feidhmeanna Oifig an Choimisinéara Teanga a a chomhnascadh le hOifig an Ombudsman. Ag labhairt dó ar RTÉ Raidió na Gaeltachta inniu, thug an Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin le fios nach raibh sé ar an eolas faoin gcinneadh go dtí gur chuir an tAire Stáit glaoch air inné. D’fhógair an rialtas coicís ó shin go ndéanfar athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla idir seo agus deireadh mhí Eanáir. Is léir go bhfuil leasuithe móra sa reachtaíocht beartaithe agus go mbeidh athchóiriú iomlán ar an gcóras atá ann cheana féin.Tá imní léirithe ag roinnt eagraíochtaí Gaeilge go bhfuil cinneadh déanta cheana féin ag an rialtas mar gheall ar a bhfuil i ndán don Acht Teanga. Dúirt Pádraig Mac Criostail, Stiúrthóir na Comhdhála gur “beag ciall atá ann, mar sin, réamhchinneadh a fhógairt maidir le hOifig an Choimisinéara Teanga” agus luaigh sé an “tionchar diúltach” ar chur i bhfeidhm an Achta Teanga a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar an gcinneadh seo. Tá Conradh na Gaeilge le hagóid a reáchtáil os comhair na Dála inniu ag 4 i.n. mar gheall ar an gcinneadh. Dúirt Julian de Spáinn, Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge go raibh an fógra “ar an gcinneadh is cúlaithí, is meathlaí dá bhfuil glactha ag Rialtas ar bith i dtaca le cur chun cinn na Gaeilge le blianta fada anuas”.Athcheapadh an tUasal Ó Curreáin do thréimhse eile 6 bliana ar an 23 Feabhra 2010. Pléadh athceapachán an Choimsinéara sa Dáil i Mí Feabhra agus ag an am mhol Dinny McGinley TD a bhí ina urlabhraí le Fine Gael ar chúrsaí Gaeltachta an obair a bhí déanta ag an Coimisinéir go dtí seo agus luaigh sé an tábhacht a bhain leis na tuarascálacha bliantúla a fhoilsíonn Oifig an Choimisinéara Teanga.Dúirt an Coimisinéir Teanga inniu go raibh sé thar a bheith bródúil as an obair atá déanta ag an bhfoireann ó bunaíodh an Oifig. Nocht sé an tuairim nach ndéanfar sábháltaí airgid ar thuarastal foirne agus nach bhfhéadfá a rá go raibh costas ollmhór ag baint le riaradh na hOifige.“Is é is mó atá ag déanamh inmní dúinn ná go bhféadfaí obair a bhí ar siúl againn a chur ar leataobh” a dúirt sé. Ag labhairt dó i mBaile Átha Cliath inniu dúirt an Taoiseach go raibh sé tuigthe nach mbeadh laghdú ó thaobh éifeachtúlacht de ar chóras an Choimsinéara Teanga agus an obair atá á dhéanamh aige. ©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Samhain 2011
↧