Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Iarratas ar Aighneachtaí faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003

$
0
0

Tá sé á bheartú ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige scéim a dhréachtú de réir Alt 11 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003. Is é príomhchuspóir an Achta a chinntiú go mbeidh fáil níos mó ar sheirbhísí poiblí i nGaeilge agus go mbeidh na seirbhísí sin ar chaighdeán níos airde. Is mian leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige aighneachtaí i ndáil leis an dréachtscéim a lorg anois ó aon pháirtithe leasmhara. Níor cheart go rachadh na haighneachtaí thar 4,000 focal (c.8 leathanach), dá mb’fhéidir é. B’fhearr aighneachtaí, a chuirfear ar fáil ar shuíomh gréasáin na Roinne, a sheoladh go leictreonach chuig public@dcya.gov.ie. Nó seachas sin féadfar iad a chur leis an bpost chuig Aonad Tacaíochta Gnó An Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige 43-49 Bóthar Mespil Baile Átha Cliath 4 Tá eolas faoi shainordú agus ról/seirbhísí na Roinne ar fáil ar www.dcya.gov.ie Is é an 5 pm ar an 5 Eanáir, 2012 an sprioc-am ar a nglacfar le haighneachtaí. Is féidir tuilleadh eolais faoin Acht a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta www.ahg.gov.ie nó é a iarraidh ach ríomhphost a sheoladh chuig eolas@coimisineir.ie   Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag ullmhú aighneacht go luath.  Más mian leat teagmháil a dhéanamh linn agus cur leis an aighneacht seo is féidir teagmháil a dhéanamh le eolas@gaelport.com.       Bíonn an nuacht is déanaí faoi sheirbhísí Gaeilge agus cur i bhfeidhm Acht na dTeangacha Oifigiúla ar fáil gaelport:   http://www.gaelport.com/abhchoideacht nó http://www.gaelport.com/achtnadteangachaoifigiula2003.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>