Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Fóraim Ghaeilge le bunú i Luimneach agus Port Láirge

$
0
0

Faoi stiúir an Chathaoirligh, Beirní Ní Chuinn, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí an seimineár i Luimneach, áit a ndearna Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Pádraig Mac Criostail cur síos ar bhunú Gréasáin Ghaeltachta agus ceapadh pleananna gnímh áitiúla, faoi réir na Straitéise 20 Bliain don Ghaeilge. Thug an Pleanálaí Teanga, Mait Ó Brádaigh, léargas praiticiúil maidir leis an dea-chleachtas ó thaobh na pleanála teanga de, agus labhair Sinéad Ní Chonchúir ó Chraobh Luimnigh de Chonradh na Gaeilge, faoina struchtúir thacaíochta reatha atá ar fáil sa cheantar ó thaobh na Gaeilge de, agus mar a thagann an obair sin le príomhghnéithe na Straitéise.   Is í Sorcha Ní Chéilleachair, RTÉ Raidió na Gaeltachta a bhí mar Chathaoirleach ar an seimineár poiblí i nDún Garbhán, agus tar éis do Phádraig Mac Criostail agus Mait Ó Brádaigh plé a dhéanamh ar Ghréasáin Ghaeltachta agus ar an bpleanáil teanga, labhair Cabríní De Barra ó Chomhlucht Forbartha na nDéise, faoina bhfuil ar siúl sa cheantar faoi láthair ó thaobh gníomhaíochta chur chun cinn na teanga de.  I measc na gceisteanna ón bpobal ar an dá oíche, pléadh na hábhair seo a leanas: Cóimheas daltaí le múinteoirí; Maoiniú Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta; Caighdeán na Múinteoirí Bunscoile; Pleanáil de réir contae, Athruithe beartaithe do na Coláistí Oiliúna; agus tábhacht na Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais. Ghlac an dá chruinniú leis an moladh gur gá fóram áitiúil a bhunú chun feasacht teanga a ardú sa cheantar agus chun comhordú a dhéanamh ar obair chur chun cinn na Gaeilge sa cheantar sna blianta romhainn, chun plean teanga don cheantar a chur le chéile, agus cuireadh in iúl go mbeadh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ar fáil mar chrann taca don obair seo. Is féidir breathnú ar fhíseán den seimineár “An Ghaeilge i do Cheantar, Do Theanga, Do Phobal, Do Rogha” ó Luimneach agus ó Dhún Garbhán thíos faoi seo. Port Láirge Luimneach Ag labhairt faoin dá sheimineár, dúirt Stiúrthóir Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge gur  ‘léiriú ar spéis mhuintir Luimnigh agus Dhún Garbháin i gceist chur chun cinn na Gaeilge go háitiúil a bhí san fhreastal ard ar an dá sheimineáir, agus sa rannpháirtíocht ghníomhach ón lucht féachana sa phlé an dá oíche.  Tá an Chomhdháil ag tnúth go mór le hobair i gcomhar leis na rannpháirtithe agus leis na páirtithe leasmhara eile ar fheidhmiú na moltaí fiúntacha, praiticiúla chun cur le húsáid na Gaeilge i measc phobal an dá cheantair’. © Gaelport.com 29 Samhain 2011

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>