Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

An Chéad Séala Creidiúnaithe d'Eagarthóirí Gaeilge

$
0
0

Rinne Foras na Gaeilge ceannródaíocht ar an gcóras creidiúnaithe seo d'eagarthóirí ag eascairt as cé chomh maith is a d'éirigh leis an gcóras creidiúnaithe ar chúrsaí aistriúcháin, a thosaigh in 2006. Is é aidhm an tionscadail seo cur le hoiliúint eagarthóirí agus feabhas a chur ar chaighdeán na Gaeilge scríofa san earnáil phoiblí, sna meáin, san earnáil fhoilsitheoireachta agus san earnáil aistriúcháin. Ar an iomlán, fuair ochtar d'eagarthóirí an Creidiúnú nua seo ag an searmanas inné. Ina measc bhí Diarmuid Clifford, Marie Riney agus Helen Hegarty as Baile Átha Cliath, Séamus Ó Coileáin as Gaillimh agus Clare Rowland as Cill Dara. Fuair Philip Cummings as Aontroim an Creidiúnú freisin, chomh maith le Séamus Mac Conmidhe as Doire agus Labhrás Ó Finneadha atá ag obair agus ina chónaí faoi láthair i Lucsamburg.   “Is cúis áthais dom go raibh an tAire anseo linn inniu le ceiliúradh leis an ngrúpa seo d'eagarthóirí sárchumasacha, an chéad ghrúpa a fuair an creidiúnú nua seo.” a dúirt Ferdie Mac an Fhailigh, Príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge. “Leis an glár seo áirithítear ardchaighdeán na heagarthóireachta agus an aistriúcháin i nGaeilge agus táim ag dúil go mór le leanúint ar aghaidh leis an gclár seo ionas go mbeidh daoine eile in ann an creidiúnú seo a bhaint amach”. Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>