Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Cáca don Rí

$
0
0

Is é Cáca don Rí an dara leabhar atá foilsithe ag an údar Ailbhe Nic Giolla Bhrighde le Futa Fata.  Bhain a céad leabhar, Cócó an Colgán Cairdiúil, amach gearrliosta Gradam Réics Carló 2011, gradam a cheiliúrann scoth na scríbhneoireachta Gaeilge do pháistí.  Tá an-suim curtha sa leabhar nua seo ó Ailbhe freisin agus – sular tháinig an leagan Gaeilge ó na clódóirí, bhí na cearta díolta le teach foilsitheoireachta i Seoul na Cóiré agus is gearr go mbeidh sé ar fáil i gCóiréis! Is é Steve Simpson a mhaisigh an leabhar seo, sé a mhaisigh Lúlú agus an Oíche Ghlórach (Futa Fata 2011).  Tá stíl aitheanta Steve le feiceáil arís i Cáca don Rí agus beocht ar leith tugtha aige do charachtair bhríomhara Ailbhe. Scéal é seo faoin báicéir iontach, Rúbaí Rua. Tá luchóga ina cónaí sa teach báicéara agus is breá leo a bheith ag breathnú ar Rúbaí agus í i mbun a cuid oibre. Ach ní bhíonn cead acu riamh cabhrú léi.  Nuair a ordaitéar Cáca don Rí dá bhreithlá, tá na luchóga agus Rúbaí araon ar bís.  Sé sin nó go dtarlaíonn timpiste uafásach.   Tuilleadh eolais ar fáil ar an láithreán gréasáin athchóirithe atá ag Futa Fata ar http://www.futafata.com/ Foilsithe ar Gaelport.com 29 Samhain 2011. ©íomhánna le  Seán Ó Mainnín

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>