De réir na staitistici atá ar fáil ar shuíomh Gréasáin an Choimisinéara Teanga, níor tháinig ach aon scéim amháin i bhfeidhm i gcaitheamh na bliana 2011, agus ba í sin an dara scéim teanga a d’fhoilsigh an Bord Pleanála.
Faoin Acht tugann an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir do chomhlachtaí poiblí scéimeanna teanga a fhoilsiú.
Sna scéimeanna sin déantar cur síos ar ghealltanais an chomhlachta sin i leith na seirbhísí a chuirtear ar fáil don phobal go dátheangach mar shampla líon na bpreas eisiúintí a eiseofar trí mheán na Gaeilge; gealltanais i dtaobh láithreán Gréasáin dátheangach a chothabháil; gealltanais i dtaobh seirbhísí teileafóin agus gearáin, gealltanais i dtaobh foilseacháin agus seirbhísí teileafóin.
Níos túisce sa bhliain i mí Iúil, nuair a sheol sé treoir phraiticiúil ar fheidhmiú an Achta, thagair an Coimisinéir Teanga don fholús a bhí á chruthú i gcóras na scéimeanna.
Thug sé suntas don ‘mhoill’ a bhíonn ar dhaingniú scéimeanna teanga agus dúirt gur ‘díol imní’ a bhí ann.
“ Ar fheidhmiú an chórais seachas ar an gcóras féin is mó atá an locht, “ a dúirt sé.
Córas casta is ea é gan amhras. Go hiondúil tugann an tAire Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta treoir don chomhlacht poiblí go bhfuil scéim le dréachtadh acu laistigh tréimhse nach fada ná sé mhí ó dháta eisithe an fhógra.
Ansin moltar do na comhlachtaí fógra poiblí a fhoilsiú chun aighneachtaí a lorg ón bpobal agus ó eagraíochtaí mar Chomhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus Chonradh na Gaeilge maidir leis an dréacht-scéim atá le hullmhú.
Ansin cuirtear an dréacht-scéim faoi bhráid an Aire agus ina dhiaidh sin déantar aontú idir an Aire agus an Comhlacht Poiblí maidir le hábhar na scéime.
Ach nuair a théann tú chuig cnámh na huillinne, tá cuma an-éagsúil ar an scéal. Tá líon na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar an Aire agus ar an Roinn chun teacht ar ais chucu chun scéim a aontú leo ag méadú in aghaidh na bliana. Sa bhliain 2010, d’imigh 51 den 105 scéim teanga a bhí ann in éag.
D’fhógair cúig chomhlacht poiblí go raibh siad ag lorg aighneachtaí ón bpobal in 2011 ach tá an baol ann gur fada an feitheamh atá i ndán dúinn do na scéimeanna a thiocfaidh as na comhairliúcháin phoiblí sin.
Tá 73 comhlacht poiblí i mbun an phróisis chun an dara scéim teanga a ullmhú faoin Acht mar gheall gur imigh a chéad scéime in éag nó go raibh siad ar tí dul in éag . D'imigh roinnt dá scéimeanna in éag chomh fada le ceithre bliana ó shin.
D’fhógair cuid acu go raibh siad ag lorg aighneachtaí, cuireadh dreacht-scéimeanna i dtoll a chéile ach anois tá siad ag ceistiú cén fáth an bhfuil an Roinn ag tarraingt na gcos maidir le scéimeanna a aontú leo.
Liosta le háireamh atá ann ina measc tá an tSeirbhís Chúirteanna, An Bord um Chúnamh Dlithiúil, roinnt institiúid oideachais amhail Coláiste na hOllscoile Corcaigh, Ollscoil Chathair Bhaile Cliath; comhlachtaí poiblí mar Údaráis Áitiúla Fhine Gall agus Ranna stáit éagsúla; An Roinn Iompair agus an Roinn Talmhaíochta agus Bia ina measc.
Faoin reachtaíocht, maireann gach scéim teanga tréimhse de thrí bhliana. Agus ansin is ceart go mbeidh scéim teanga nua ann a bhíonn ag tógáil ar an méid a baineadh amach sa chéad scéim.
Ach do thromlach na gcomhlachtaí poiblí a tháinig faoi scáth an Achta, ní raibh aon bhorradh faoi na seirbhísí a baineadh amach ó chuir siad an chéad scéim i bhfeidhm agus de thoradh nach bhfuil scéim reatha acu tá folús á chruthú.
De réir Oifig an Choimisinéara Teanga, leanann an oifig ag déanamh faireacháin ar fheidhmiú na céad scéime go dtí go n-aontófaí an dara scéim leis an Aire. Níl an dara rogha acu fiú amháin más amhlaidh go bhfuil an scéim sin go mór as dáta.
Ag féachaint duit ar an maorlathas a bhaineann le córas na scéimeanna, ritheann sé leat go mb’fhéidir go raibh an ceart ag an Rialtas athbhreithniú ar an Acht a fhógairt i lár mhí na Samhna.
Is í an cheist ná an mbeidh athbhreithniú ar an ról atá ag an Roinn i gcomhaontú na scéimeanna? Ach is faoin Acht agus na seirbhísí a bhfuil ceisteanna an athbhreithnithe dírithe, ní ar bheartais inmheánacha agus ar mhaorlathas na Roinne.
Tá molta ag an gCoimisinéir Teanga go ndíreofar ar chóras na scéimeanna teanga faoin Acht “ar bhonn straitéiseach agus comhsheasmhach” nó, mar mhalairt air sin, go “bhforbrófaí córas nua caighdeán a bheadh bunaithe ar rialacháin reachtúla mar atá beartaithe don Bhreatnais sa Bhreatain Bheag”.
Beidh le feiceáil an nglacfar le moltaí an Choimisinéara –ach ag féachaint gur glacadh an cinneadh Oifig an Choimisinéara a chónascadh le Oifig an Ombudsman beag beann ar an athbhreithniú, bheadh sé de chead ag duine a bheith amhrasach ina leith.
Tá comhlacht amháin a sheasann amach ar liosta na gcomhlachtaí atá ag feitheamh ar scéim nua agus is é sin Oifig an Ombudsman.
D’imigh scéim teanga an Ombudsman in éag sa bhliain 2007. Díol spéise conas mar atá ag éirí leis an Ombudsman a dhualgais féin faoin Acht Teanga a chur i bhfeidhm- go háirithe más amhlaidh go mbeidh cúraimí an Choimisinéara teanga le cur faoina scáth.
D’fhógair Oifig an Ombudsman agus Oifig an Choimisinéara Faisnéise go raibh siad ag lorg aighneachtaí dá dara scéim chomh fada siar agus 2008. Ach níor aontaíodh an dara scéim go fóill, má dhéantar riamh anois é.
Deir urlabhraí ó Oifig an Ombudsman gur seoladh an dara scéim ar aghaidh chuig an Roinn ag deireadh na bliana 2008. Bhí go leor cur agus cúiteamh idir an Roinn agus an Oifig mar gheall ar struchtúir na scéime. Ach ó bhí 2010 ann ní raibh aon dul chun cinn déanta maidir le haontú na scéime.
Rinne an Oifig fiosrúcháin arís le linn an tsamhraidh ach dúradh leo go raibh athstruchtúrú ar bun ag an Roinn tar éis an olltoghcháin agus go raibh siad an-ghnóthach. Deir an Oifig go bhfuil an chéad scéim fós á leanúint acu agus tá siad sásta go bhfuil seirbhísí ar ardchaighdeán á chur ar fáil don phobal. Ní minic a bhíonn daoine ag lorg seirbhísí trí mheán na Gaeilge ó Oifig an Ombudsman, dar leo.
An raibh a fhios ag an Roinn chomh fada siar agus an dáta sin go mbeadh cúraimí an Choimisinéara Teanga le n-aistriú isteach faoi Oifig an Ombudsman? Ní fheadar ach is léir go bhfuil córas na scéimeanna ar an dé deiridh- beidh le feiceáil cén réiteach a chuirfear ina áit tar éis an athbhreithnithe san athbhliain.
Freagra na Comhdhála ar fhigiúirí 2011
“Leiríonn na figuirí ó 2010 agus 2011 nach bhfuil an dul chun cinn ar chur i bhfeidhm scéimeanna teanga nua na gComhlachtaí Poiblí sásúil. Is gá aghaidh a thabhairt ar seo ar bhonn práinneach ar mhaithe le príomhaidhm an Achta Teanga go mbeidh seirbhísí poiblí ar fáil níos fairsinge trí Ghaeilge agus go mbeidh caighdeán níos airde ag baint leo a bhaint amach. Gan amhras, beidh an cheist seo lárnach don Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 atá idir lámha ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faoi láthair”- Pádraig Mac Criostail, Príomhfheidhmeannach na Comhdhála.
Freagra na Roinne ar an moilleadóireacht a bhain le scéimeanna a aontú
"Is próiseas leanúnach é aontú scéimeanna faoin Acht Teanga a bhfuil sé de chuspóir aige feabhas céimiúil thar thréimhse a dhéanamh ar líon agus ar chaighdeán na seirbhísí trí Ghaeilge a chuireann comhlachtaí poiblí ar fáil. Ní miste a nótáil go leanann na céad scéimeanna i bhfeidhm go dtí go n-aontaítear scéimeanna nua ina n-áit. Ní miste a nótáil freisin go bhfuil athbhreithniú cuimsitheach ar an Acht Teanga ar siúl faoi láthair faoi stiúir na Roinne Ealaíon, OIdhreachta agus Gaeltachta. Mar chuid den athbhreithniú, tá próiseas comhairliúcháin phoiblí ar siúl a mhairfidh go dtí 31 Eanáir 2012. Tá gach eolas maidir leis an athbhreithniú ar fáil ar shuíomh idirlín na Roinne, www.ahg.gov.ie."
©Foilsithe ar Gaelport.com 13 Nollaig 2011- Rinneadh nuashonrú ar an scéal 14 Nollaig.
↧