Foilsíodh moltaí an choiste comhairleach an tseachtain seo caite agus cáintear ann an mhoilleadóireacht a bhain le reachtaíocht a thionscnamh chomh maith le cur chuige na n-údarás i dTuaisceart Éireann tar éis dóibh diúltú arís roimh pháirt a ghlacadh sa phróiseas comhairliúcháin.
Ábhar díomá is ea é dar leo nach bhfuil atmaisféar dearfach i leith na Gaeilge sa saol poiblí i dTuaisceart Éireann agus go gcuirtear i gcoinne deiseanna úsáide na teanga ar an mbonn gurb ionann iad agus leithcheal i gcoinne dreamanna eile sa phobal.
Tá dualgais ag an Ríocht Aontaithe cosaint a thabhairt do chearta teanga mar chuid den chreat-Choinbhinsiún um Chosaint Mionlach Náisiúnta. Is léir gur beag dul chun cinn a baineadh amach i dtaobh na reachtaíochta teanga ó d’iarr Coiste na nAirí de Chomhairle na hEorpa ar ar na húdaráis reachtaíocht a thionscnamh sa bhliain 2007.
Rinne ionadaithe ón gcoiste cuairt ar Thuaisceart Éireann an samhradh seo caite agus labhair siad le grúpaí éagsúla a bhíonn i mbun cearta daonna a chosaint sa dhlínse. Ina measc siúd bhí Pobal, scátheagraíocht do phobal na Gaeilge i dTuaisceart Éireann agus dar le Janet Muller, Príomhfheidhmeannach Phobal, tá sé ‘suntasach’ go bhfuil an t- éileamh ar reachtaíocht teanga ar cheann de na trí phríomhmholadh a rinne an coiste.
Scrúdaítear sa tuarascáil ceisteanna a bhaineann le cúrsaí oideachais, na meáin, ciníochas, caidreamh pobail, cúrsaí creidimh, craoltóireacht, agus labhairt agus úsáid mionteangacha sa saol poiblí.
Moladh go láidir do na húdaráis i dTuaisceart Éireann agus sa Ríocht Aontaithe iarracht a dhéanamh gan ciorruithe airgeadais a chur i bhfeidhm más féidir lena cinntiú nach ndéanfar dochar suntasach do chás na mionlach agus go ndéanfar measúnú leanúnach ar thionchar na gciorruithe sin amach anseo.
D’fhonn sin, luadh an bhuairt a bhí ar an gcoiste comhairleach mar gheall ar phleananna na Comhairle Aireachta Thuaidh Theas cuíchóiriú a dhéanamh ar struchtúr agus ar an maoiniú atá á bhfáil ag na heagrais Ghaeilge ó Fhoras na Gaeilge.
Tugtar faoi deara chomh maith na coimhlintí atá ann maidir le maoiniú agus na riachtanais éagsúla atá cainteoirí Albainis Uladh i gcomparáid le cainteoirí Gaeilge sa Tuaisceart agus gur tharla sé gur diúltaíodh roimh maoiniú a thabhairt do thograí Gaeilge ar an mbonn nach raibh maoiniú ar chomhchéim le fáil ag tograí a d’fhreastail ar Albainis Uladh.
©Foilsithe ar Gaelport.com 17 Eanáir 2012.
↧