Chuir na heagraíochtaí sin uile glan in aghaidh na samhla nua maoinithe atá molta ag Foras na Gaeilge don earnáil bhunmhaoinithe.
Iarradh ar Fhoras na Gaeilge athbhreithniú a dhéanamh ar an earnáil agus moltaí athchóirithe a mholadh.
Dar leis na heagrais bhunmhaoinithe go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniú.
Chuir Foras na Gaeilge tús le hathbhreithniú ar mhaoiniú na nEagras chomh fada siar agus 2008 agus mhol an Foras ‘Samhail Nua Mhaoinithe’ d’earnáil na Gaeilge.
Faoin tSamhail déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh de na hocht scéim, ina measc: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail.
Ach tuigtear go mbeidh ciorrú mór ar líon na n-eagras Gaeilge mar gheall nach mbeidh aon eagraíocht amháin nó líon teoranta eagraíochtaí, más gá ag feidhmiú gach scéime.
Tá curtha in iúl ag na heagrais gur mian le Foras na Gaeilge obair na Gaeilge a dhéanamh feasta trí thairiscintí a lorg ar líon teoranta scéimeanna nach mairfeadh ach ar feadh trí bliana.
Deirtear sa ráiteas go bhfuil an bhuairt ann go ndéanfaidh cur chuige ar bhonn córas scéimeanna iomaíocha dochar “tromchúiseach, do-leasaithe don Ghaeilge” sna blianta amach romhainn. Ar na pointí i gcoinne mholadh an Fhorais a n-áiríonn na heagrais tá:
- Is eagraíochtaí pobail iad na heagraíochtaí bunmhaoinithe. Glacann cuid mhór daoine páirt iontu agus bíonn go leor eile ag brath orthu chun tacaíocht a thabhairt dóibh maidir le hionad na Gaeilge a threisiú ina saol. Murab ionann agus an saol tráchtála mar a gcuirtear seirbhísí ar conradh, ní oirfeadh cur chuige ar bhonn tairiscintí chun freastal ar riachtanais an phobail ó thaobh na Gaeilge de.
- Téann moladh an Fhorais glan i gcoinne choincheap na pleanála teanga agus an riachtanas go mbeadh leanúnachas i soláthar seirbhísí.
- An acmhainn is mó atá ag na heagraíochtaí ná an fhoireann atá ag obair dóibh. Faoi réir mholadh an Fhorais, áfach, bheadh ar gach eagraíocht scaoileadh leis na fostaithe acu a bhfuil a bpostanna á maoiniú ag an bhForas. Thar oíche, chaillfí saibhreas na mblianta de dhúthracht agus de thaithí. Ní fhéadfadh riamh go mbeadh an saineolas ná an taithí céanna ag oibrithe ar conradh. Ina theannta sin, dhéanfaí scrios ar an nGaeilge mar rogha gairme do dhaoine amach anseo.
Chuir na heagrais bhunmhaoinithe in iúl ina gcomhráiteas go n-aithníonn siad an gá atá le forbairt agus le cuíchóiriú ar mhaithe leis na torthaí is fearr a bhaint amach, ar an luach airgid is fearr, ach nach bhfeictear dóibh go mbeidh luach ar airgead á sholáthair trí na scéimeanna nua. Deir na heagrais go bhfuil siad lán sásta obair i bpáirt leis an bhForas chun teacht ar mhúnlaí nua oibre a rachadh chun tairbhe na Gaeilge ar fud na hÉireann.
Ina measc siúd atá luaite leis an gcomhráiteas ar maidin tá 12 eagraíocht atá lonnaithe sa deisceart: An tOireachtas, Glór na nGael, Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta , Comhluadar, Cumann na bhFiann, Comhar na Múinteoirí Gaeilge, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Forbairt Naíonraí Teoranta, Gaelscoileanna, Gael Linn agus Raidió na Life.
Chomh maith leis sin deir 7 eagraíocht eile atá lonnaithe i Tuaisceart Éireann nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan an maoiniú bliantúil ina measc, Altram, An tÁisaonad, Comhaltas Uladh, Forbairt Feirste, Pobal, Iontaobhas Ultach agus Raidió Fáilte.
Tá molta ag na heagrais d’Fhoras na Gaeilge meicníocht idirbheartaíochta a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.
Is féidir an comhráiteas iomlán a léamh ag an nasc seo: Comhráiteas na nEagras - 17.01.12.pdf
© Gaelport.com 17 Eanáir 2012
↧