Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

500+ i mbun léirsithe ach ciorruithe ar Scoileanna Gaeltachta fós beartaithe

$
0
0

I measc siúd a bhí i mbun léirsithe bhí scoileanna ó Ghaeltachtaí na tíre, ón Bun Beag go Lios Póil agus le neart tacaíochta ó scoileanna Gaeltachta i gConamara, Maigh Eo, Tír Chonaill, Ciarraí, Corcaigh, An Rinn, agus Ráth Chairn.  Sa cháinaisnéis a fógraíodh Mí na Nollag seo caite, cuireadh in iúl go bhfuil líon na ngasúr ar gá do scoil le ceithre múinteoir a bheith acu le hardú ó 81 go dtí 83.      Sna Gaeltachta, bhíodh cóimheas níos fabhraí ann, a thug aitheantas do na deacrachtaí ar leith a bhain le bheith ag múineadh sa Ghaeltacht, rud a chiallaigh gur 76 gasúr a bhí de dhíth do scoil cheithre mhúinteora, ach anois beidh ar na scoileanna seo 83 gasúr a bheith ar an rolla acu, chun a bheith incháilithe don cheathrú múinteoir.   Ardófar seo go dtí 86 páiste faoin mbliain 2014, rud a fhágfaidh go mbeidh ar scoileanna Gaeltachta ardú de deich bpáiste a bhaint amach chun an líon reatha de mhúinteoirí a choimeád.   Bhí rún curtha os comhair na Dála ag Fianna Fáil ag diúltú do na hathraithe seo, agus bhí vóta le glacadh ar an gceist seo aréir.  In ainneoin iarrachtaí na léirsitheoirí lasmuigh, níor éirigh leis an rún seo, le vóta 87:46.  Faoi agallamh le Gaelport.com aréir, chuir Treasa Ní Mhainín, Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta in iúl go mbeadh 12 scoil Gaeltachta ag cailleadh múinteora i mí Mheán Fómhair na bliana seo chugainn toisc an chiorraithe seo.      Beidh Eagraíocht na Scoileanna Gaeltachta ag casadh leis an Aire Stáit Dinny  McGinley, TD, an tseachtain seo chun cás na scoileanna seo a chur faoina bhráid, agus tá cruinniú práinne iarrtha acu le an Aire Oideachais agus Scileanna, Ruairí Quinn, TD, ó thús mhí Eanáir, agus scéal faighte acu inné go dtionólfar an cruinniú seo roimh dheireadh mhí Feabhra.  © Gaelport.com 02 Feabhra 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>