Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Eagraíochtaí Gaeilge slán go dtí Meitheamh 2013

$
0
0

D’fhreastail Carál Ní Chuilín, MLA, Aire Cultúir, Ealaíon agus Fóillíochta, Donnchadh Mac Fhionnlaoich, TD, Aire Stáit ar a bhfuil freagracht ar leith as Gnóthaí Gaeltachta agus Jonathan Bell, MLA, Aire Sóisearach, ag an gcruinniú. Sa chomhráiteas a eisíodh tráthnóna inniu, nótáil na hAirí an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag Foras na Gaeilge i dtaca le forbairt samhail nua iomaíoch mhaoinithe.Níor moladh áfach go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcomhairliúcháin poiblí, gníomh á bhí á lorg ag na heagrais le tamall anuas.Athbhreithniú ar mhaoiniú na nEagrasFaoi láthair, tá comhairliúchán poiblí ar bun ag Foras na Gaeilge maidir leis an Samhail nua mhaoinithe mar atá molta acu do na 19 eagrais Ghaeilge a fhaigheann  bunmhaoiniú  ó Fhoras na Gaeilge.I Mí Mheán Fomhair, thug an CATT treoir d’Fhoras na Gaeilge dul i mbun comhphlé leis an earnáil dheonach maidir le  struchtúr úr maoinithe do na heagrais bunmhaoinithe.Iarradh ar an bhForas cás gnó mionsonraithe a ullmhú  chun tacú le punann na ndréacht-scéimeanna a bhí  beartaithe mar chuid den struchtúr maoinithe úr agus  plean tionscadail athbhreithnithe a ullmhú, a thabharfaidh aird ar chur i gcrích an phróisis.Faoin tSamhail Nua Mhaoinithe déanfar an maoiniú a dháileadh laistigh d’ocht scéim.  I measc na scéimeanna siúd beidh: scéim abhcóideachta, scéim áiseanna foghlamtha, scéim na nEalaíon, Scéim Óige, Scéim Raidió Pobail, Scéim Tacaíochta Oideachais, Scéim Réamhscolaíochta agus Scéim Tacaíochta Pobail. Mar a tuairiscíodh ar Gaelport.com roimhe seo, ta na heagrais bhunmhaoinithe den tuairim go bhfuil sé beartaithe ag an bhForas deireadh a chur le bunmhaoiniú an 19 eagras atá faoina scáth, gan dul i gcomhairle leis an earnáil d’fhonn staid reatha na hoibre a fhiosrú chun teacht ar mhodhanna nua oibre. Tá sé curtha in iúl go lom ag na heagrais nach mbeidh siad in ann feidhmiú gan bhunmhaoiniúI Mí na Nollag,  d’eisigh na heagrais comhráiteas ag léiriú a mbuartha, inar mhol siad d’Fhoras na Gaeilge “meicníocht idirbheartaíochta” a aontú leo le teacht ar chóras nua maoinithe a thacóidh agus a spreagfaidh an Ghaeilge sa phobal ar bhonn pleanáilte agus aontaithe.Tuarascálacha Bliantúla an Fhorais Tuairiscíodh inniu go mbeidh Tuarascáil Bhliantúil an Fhorais Teanga don bhliain 2008 le cur faoi bhráid  an Oireachtais san Earrach.Chomh maith leis sin beidh athbhreithniú a dhéanamh ar dílarú Fhoras na Gaeilge i bhfianaise cinneadh an rialtais cealú an chláir dhíláraithe, de bharr na ndeacrachtaí reatha eacnamaíochta, agus cealú roinnt tionscadal, cuid acu fágtha mar atá agus athbhreithniú á dhéanamh ar chuid eile acu. Breathnóidh an dá Roinn ar na himpleachtaí a eascróidh as an cinneadh sin don Fhoras Teanga.©Foilsithe ar Gaelport.com 14 Feabhra 2012.

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>