Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Bewley’s @ 6 – Doimnic & Griogair ar stáitse

$
0
0

Is as Na Doirí Beaga i dTír Chonaill de Doimnic Mac Giolla Bhríde, fear a bhain an bonn óir amach i gcomórtas na bhfear sa bhliain 2008 agus chroch sé leis Corn Cuimhneacháin Sheáin Uí Riada ag Oireachtas na Samhna 2009 i Leitir Ceanainn. Mar aon le bheith ina amhránaí sean-nóis cumasach seinneann Doiminic ar na píopaí agus ar an gcairdín. Bíonn sé i bhfeighil ranganna amhránaíochta ar an sean-nós i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.   Ina theannta beidh an t-amhránaí cumasach as Albain Griogair Labhruidh. Tá an-nasc ag Griogair leis an gclann clúiteach de cheoltóir, Teaghlach Lawrie as Ballachulish a bhfuil clú agus cáil orthu in Albain de bharr a gcuid ceoil ardchríocha.   Is minic a bhíonn Griogair le cloisteáil ag féilte éagsúla timpeall na tíre seo agus thar lear agus bíonn meascán iontach de shean-amhráin Gàidhlig agus d’amhráin sean-nóis na tíre seo aige.   Bígí faoi dhraíocht ag ceol den scoth agus neart amhrán sa Ghàidhlig  agus sa Ghaeilge i gCaifé Bewley’s. Airithint riachtanach (spás teoranta!): 087-2547574 © Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>