Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Duaiseanna Speisialta Ghlór na nGael fógartha

$
0
0

Cé nach mbeidh príomhdhuaiseanna an chomórtais á bhfógairt go dtí 25 Feabhra ag ócáid mhór san Óstán Carton House i Maigh Nuad, marcáladh buaicphointe cinniúnach do choistí beaga áitiúla ar fud na tíre. Bhí atmaisféar den chéad scoth le haireachtáil in oifigí Ghlór na nGael, i Rath Cairn, áit ar craoladh clár SBB Tráthnóna beo Dé hAoine 10 Feabhra. Labhair an láithreoir le buaiteoirí éagsúla a léirigh a mbuíochas ó chroí leis an eagraíocht, An Coimisinéir Teanga Seán Ó Cuireáin ina measc, a bhuaigh Gradam Ghlór na nGael i mbliana. Bhí píobaireacht bhreá le cloisteáil ó cheoltóir áitiúil, Éanna Ó Cróinín chomh maith. Ag deireadh an chláir, léirigh SBB nóta beag aiféala nach ar an gclár s’aige a fhógraítear na príomhthorthaí a thuilleadh ach ag bronnadh foirmiúil na nduaiseanna, ach d’aontaigh an láithreoir clúiteach gurb fhearr an t-atmaisféar ag ócáid bheo ná ar an raidió. Fógraíodh na duaiseanna speisialta ar SBB Tráthnóna san ord a leanas: Duais Chumann na Sagart €1,000 Coiste Pobail na Tulaigh, Co. na Gaillimhe   Duais Chonradh na Gaeilge €2,000 An Clár as Gaeilge, Inis, Co. an Chláir   Duais an Fháinne  Trófaí & €1,000 Árainn Mhór, Co. Dhún na nGall   Duais Chomhluadar €1,500 - Céim Aniar, Co. Dhún na nGall   Duais Chomhairle na Gaelscolaíochta £1,500 Glór na Móna, Béal Feirste   Duais Chomhairle Chontae Dhún na nGall €1,500 Coiste Forbartha Dhobhair Teo., Co. Dhún na nGall   Duais Chomhairle Contae na Gaillimhe €1,500 Conradh na Gaeilge, Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe   Duais Cholmcille €1,500 x 2 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Glaschú   Duais na Comhairle Oidhreachta €1,500 X 2 Comharchumann Forbartha Ghaoth Dobhair agus Glór Bhalána   Údarás Craolacháin na hÉireann €1,500 x 2 Stáisiún Tráchtála: Raidió i102/104 & Stáisiún Pobail: West Dublin Access Radio 96FM   Duais Iontaobhas Ultach €1,400 X 2 Conradh na Gaeilge – Bóirche Íochtar, Co. an Dúin agus Cumann Cultúrtha an Phobail, Béal Feirste   Duais Chló Iar‑Chonnachta Dearbhán leabhair €1,000 Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe   Duais an Fhorais Phátrúnachta €1,000 Glór na nGael, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe   Duais COGG €2,000 Le Fógairt Dé Luain, 20 Feabhra 2012   Duais Ógras €700 Glór na Móna, Béal Feirste   Duais Ghaelscéal €3,000 Glór Cheatharlach   Global Gaeilge 1ú Duais €5,000 -Cumann na Gaeltachta, Ceanada 2ú Duais €3,500 - Conradh na Gaeilge, Glaschú 3ú Duais €2,500 - Cumann Gaeilge na hAstráile ©Foilsithe ar Gaelport.com - 21 Feabhra 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>