Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga – An Fhorbairt Pobail agus an Athnuachan Teanga

$
0
0

Le linn na Scoile, cíorfar téama na hathnuachana teanga agus na forbartha pobail féachaint le plé agus beartais mhisnigh in aghaidh na cinniúna seo a ghiniúint.   Glacfaidh cainteoirí ó Éirinn agus ó Albain páirt sa Scoil Earraigh le súil is go spreagfar plé agus machnamh ar réimsí éagsúla na hathnuachana teanga, agus ar na ceachtanna atá le foghlaim ón gcomhthéacs leathan sóisialta, polaitíochta agus cultúrtha ina bhfuil cinniúint mionteangacha an domhain ag brath.   I measc na n-aoíchainteoirí beidh: an Dr. Gillian Munro, Sabhal Mòr Ostaig, Alba; an Dr. Michelle Macleod, Ollscoil Obar Dheathain, Alba; Ivan Mac Philp, Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe – Maigh Eo ; an Dr. Brian Ó Curnáin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath; an Dr. Tony Varley, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh.   Is é €30 táille na Scoile i mbliana (mic léinn saor in aisce), agus tá Clár na Scoile ar fáil thíos.  Is féidir clárú don Scoil ach teagmháil a dhéanamh le Laoise Ní Thuairisg, laoise.nithuairisg@oegaillimh.ie nó 091 495 310. Scoil Earraigh don Phleanáil Teanga-Bileog Eolais.pdf Foilsithe ar Gaelport.com 21 Feabhra 2012

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>