Anois agus an córas marcála athraithe don bhéaltriail, tá na marcanna is mó ná riamh le gnóthú ó chumas na teanga labhartha.
Beidh an láithreoir Síle Ní Scanláin, múinteoir, láithreoir agus amhránaí as Conamara ag iarraidh tacú le daltaí scoile iad féin a réiteach don scrúdú ar feadh 8 seachtainí as seo.
Beidh tuairimí agus moltaí le cloisteáil ó bheirt shaineolaithe, Caoimhe Ní Chuinn agus Máirín Ní Dhomhnaill gach seachtain.
Is iar-scrúdaitheoir í Caoimhe Ní Chuinn agus beidh neart comhairle aici ó thaobh na n-eilimintí éagsúla a bhíonn á lorg ag an scrúdaitheoir agus beidh leideanna úsáideacha á dtabhairt ag an múinteoir, Máirín Ní Dhomhnaill.
Chomh maith leis sin beidh míreanna faoi leith le cloisteáil ar an bhfilíocht, agus ar shraith na bpictiúr, gnéithe nua den scrúdú i mbliana.
Gné shuntasach eile a bhaineann leis an tsraith nua seo ná go mbeidh sobaldráma do dhéagóirí, An Baile Beag, á chraoladh mar chuid den chlár. Beidh ar chumas daltaí scoile éisteacht le guthú ó aisteoirí óga ó Chonamara, rud a chuideoidh leo a stór focal a fhorbairt a gcuid Gaeilge a threisiú.
Craolfar an clár gach Luan ag 10.15 am, le hathchraoladh maidin Dé Sathairn 11.30 am. Beidh na cláracha go léir le fáil ar Sheinnteoir Raidió RTÉ, www.rte.ie/radioplayer
© Foilsithe ar Gaelport.com - 28 Feabhra 2012
↧