Ar na gradaim a bronnfar in Óstán Dhroichead na Dothra i mBaile Átha Cliath ar 26 Aibreán, bronnfar gradam don léiriúcháin teilifíse i nGaeilge- Faisnéis agus Drámaíocht; Iriseoireacht i nGaeilge (Raidió) agus iriseoireacht na Gaeilge (teilifís).
Tá go dtí an 12 Márta ag iarrthóirí atá fós i mbun i staidéar ag ollscoil nó ag institiúid tríú leibhéal eile clárú leis an gcomórtas ar shuíomh Gréasáin www.smedias.ie.
Tá an gradam sa rannóg, Léiriúcháin Teilifíse i nGaeilge, Faisnéis agus Drámaíocht urraithe ag TG4 agus ag Údarás na Gaeltachta. Ní mór clár amháin nó montáiste a sheoladh ar aghaidh i bhformáid DVD agus is gá gur craoladh an clár am éigin ón 1 Aibreán 2011.
Do lucht an raidió beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar gradam don iriseoireacht raidió. Tá an rannóg sin oscailte d’iarratais a bhaineann le feasacháin nuachta, díospóireachtaí, agallaimh raidió, cláir cheoil agus cláir eile ina bhfuil nuacht nó cúrsaí reatha mar théamaí acu. Ní mór d’iarrthóirí na CD a sheoladh isteach agus ní glacfar le hiarratais ina raibh cúnamh proifisiúnta tugtha don mhac léinn.
Chomh maith leis sin beidh Foras na Gaeilge ag déanamh urraíochta ar ghradam don iris-eoireacht scríofa.
Tuilleadh eolais ar fáil ar www.smedias.ie.
©Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Feabhra 2012
↧