Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

"Shop ‘n Spraoi na Nollag" i gCathair na Mart

$
0
0

Táthar ag súil go dtabharfaidh suas le 20,000 duine cuairt ar Mhargadh Shop ‘n Spraoi na Nollag amuigh faoin spéir i gCathair na Mart i mbliana. Socrófar botháin adhmaid feadh shráideanna Chathair na Mart ina dtionólfar ceardaithe bia agus ceirdeanna ó gach cearn den tír chun margadh Nollag den scoth a chruthú duitse. Luí isteach ar ghreamanna blasta le hithe, nó beir leat an bronntanas speisialta a bhí ag dul duit féin nó do dhuine speisialta duit.    Oíche Scéaldrámaíochta á eagrú ag Comhlachas Náisiúnta Drámaíochta, le cuireadh ó Mhuintir Chathair na Mart, a bheidh ar siúl ar an Aoine ar 9i.n. in Óstán an Wyatt.  Scéalta de chuid Chontae Mhaigh Eo a bheidh mar ábhar acu, agus feicfear ar stáitse Aisteoirí Chorr na Móna, Agallaimh Beirte, Lúibíní, Amhráin Saothair agus Ceol. Beidh Daidí na Nollag ann ar 3i.n. tráthnóna Sathairn, agus i ndiaidh dó seoladh isteach ar Abhainn na Ceathrún Bige (ar an Meal) in éineacht lena chúntóirí beaga, cuirfidh sé fearadh na fáilte roimh na páistí uile chuig a fhochla agus beidh féirín aige dóibh ón Mol Thuaidh. Amuigh sa chlós, osclófar doirse cheardlann Dhaidí na Nollag chun sracfhéachaint a thabhairt do dhaoine óga agus do dhaoine a airíonn óg i gcónaí ar an dianoibre atá ar bun ag na lucharacháin i mbliana. Beidh Daidí na Nollag ar ais arís ar an Domhnach chun bualadh le páistí nach bhfaca ar an Satharn é, agus béarfaidh sé leis a gcuid litreacha ar ais chuig an Mol Thuaidh. Beidh Sióg na Nollag i bhfeighil ar an Seomra Scéalaíochta áit a mbeidh Seó Puipéad agus scéalta Nollag le cloisteáil Dé Sathairn agus Dé Domhnaigh. Beidh ceol is spraoi ann chun chuile mhian a shásamh, Cór na Nollag – Cór Cheathrú Thaidhg ina measc, ceol beo ó cheoltóirí áitiúla Conor Duffy, What the Folk & Ain’t Misbehavin', Mike Absalom & Darren Ó Riagáin, Banna Práis Chathair na Mart, damhsa, léamh filíochta agus siamsóirí sráide. Beidh an Puball Gaeilge ó Electric Picnic i láthair ar an Meal le gach uile rud ar siúl ann ó Ghrafitti as Gaeilge go Toblí – Ealaín Bheo bunaithe ar Logainmneacha agus Sloinnte, GAA Karaoke – cé acu Effin Eddie nó Mícheál Ó Muircheartaigh thú? Chomh maith le ceardlanna Portaireachta agus Cnagaireacht Béil, Damhsa ar an Sean Nós agus Spraoi na gCleamairí Nua-Aimseartha agus beidh comhairleoireacht saor in aisce ar fáil am ar bith Dé Sathairn nó Dé Domhnaigh dóibh siúd nár thaitin an Ghaeilge leo agus iad ar scoil. Nó is féidir aithne cheart a chur ar Chathair na Mart tríd an tSiúlóid Stairiúil Dhátheangach Dé Sathairn ag 2i.n. le Sinsearlann Chuan Mó. Nuair atá do chuid siopadóireachta déanta agat Dé Sathairn, beidh an spraoi ag dul ar aghaidh sa Yard Bar i Matt Molloy’s ó 6-9. Tar isteach agus lig do scíth leis an gcriú uilig ón bPuball Gaeilge – ní bheadh a fhios agat céard a tharlódh! Tá clár iomlán imeachtaí foilsithe ar leathanach Facebook Shop ‘n Spraoi Chathair na Mart, nó tá tuilleadh eolais ar fáil ó Chumann Trádála Chathair na Mart ar 098 27375, nó seol ríomhphost chugainn ar shopnspraoi@gmail.com, www.westportmarket.ie. Foilsithe ar Gaelport.com 02 Nollaig 2011

Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>