Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Comhdháil lae ar Léann na Gaeilge

$
0
0

Osclóidh an chomhdháil go hoifigiúil ag 9.15am ar 20 Aibreán agus níl aon chostas ag baint le freastal ar an seimineár. 

Tionólfar ceithre sheisiún éagsúla ann ag a mbeidh saineolaí ón Institiúid Ard-Léinn agus ollscoileanna éagsúla ag plé litríochta agus ábhar éagsúil na Sean-Ghaeilge, na Meán-Ghaeilge agus na Nua-Ghaeilge.

Beidh Fergus Kelly in chathaoirleach ar an gcéad seisiún ag a mbeidh cainteanna éagsúla á dtabhairt ar chúrsaí gramadaí, staire agus filíochta ag Pádraig A. Breatnach agus Liam Breatnach, Scoil an Léinn Cheiltigh, DIAS; agus Ruairí Ó hUiginn ó Ollscoil Éireann, Maigh Nuad.

Pléifidh Phádraig Ó Macháin, DIAS; Eoghan Ó Raghallaigh, Roinn na Nua-Ghaeilge, OÉ Má Nuad agus Gordon Ó Riain, Rannóg na Ceiltise, Ollscoil Uppsala filíocht na mbard sa dara seisiún le Meidhbhín Ní Úrdail mar chathaoirleach air.

Leanfaidh an plé ar na baird sa chéad seisiún eile le caint ó Damian McManus, TCD, ar mhná agus shinsearacht na filíochta.  Beidh Edel Bhreathnach ina cathaoirleach sa tríú babhta seo ag a bpléifear Annála Uladh le Caoimhín Breatnach, UCD.

Beidh Caoimhín Breatnach mar chathaoirleach ar an seisiún deireanach ag a mbeidh plé ar ghnéithe éagsúla den teanga.  Labhróidh Eoin Mac Cárthaigh, TCD ar ‘Sléagar agus “genitives lenited in special circumstances” i bhfilíocht na scol’.  Beidh Katharine Simms, TCD, ag caitheamh súil eile ar fhilíocht na mbard; ‘Images for the role of bardic poets’ agus beidh Seán Ua Súilleabháin, UCC i mbun caint spéisiúil - ‘Bergin, Ó Cuív agus prós an Athar Peadair sa “letiriú shímplí”’.

Is cinnte gur lá iontach suimiúil a bheidh ann agus ní gá ach bheith i láthair ag 10 Bóthar Burlington, Baile Átha Cliath 4 ar an lá le scoth na n-ábhar a phlé le scoth na gcainteoirí.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

Comórtas Filíochta Uí Néill 2012 buaite ag Ailbhe Ní Ghearbhuigh

Ceolchoirm RnaG i nDoire

As na Nuachtáin: Celtic Media Festival in Derry

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>