Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Féile Chomórtha Joe Éinniú 2012

$
0
0

Is ar cheantar Iorras Aithnigh a bheidh an tarraingt nuair a reáchtálfar Féile na bliana seo i gCarna i gConamara, Co. na Gaillimhe ón 4-6 Bealtaine 2012.

Meastar gurbh é Joe Éinniú, a rugadh san Aird Thoir i gCarna i 1919, sár-fhonnadóir sean-nóis a linne féin.  Bhí an-mheas aige i gcónaí ar an Ghaeilge ar a dhúchais agus ar an sean-nós go dtí go bhfuair sé bás.

Bíonn neart imeachtaí éagsúla ar siúl i gceantar Charna ag na deireadh seachtaine agus bíonn scoth na gceoltóirí agus na n-amhránaithe bailithe ar an gceantar Gaeltachta seo le linn na féile.  Bíonn neart sean-nóis, damhsa ar an sean-nós, céilithe, ceardlann, agus comórtas éagsúil do pháistí ar siúl chomh maith.

Arís i mbliana tá clár leathan d’imeachtaí leagtha amach don fhéile deireadh seachtaine, ar a mbeidh ceolchoirm mhór na féile ar siúl ar in ósta Chuan Charna ar an Satharn 5 Bealtaine. Ina measc beidh na píobairí aitheanta Mick O’ Brien, Caoimhín O’Raghallaigh, Calum McMillan as Albain, Kevin Rowsome, an t-amhránaí Róisín White, an boscadóir Danny O’ Mahony, Briocan Bairead as Rosc Muc, na damhsóirí Sibéal Davitt agus Róisín Ní Mhainín an t-amhránaí áitiúil Siobhán Éinniú ó chlann cheolmhar Uí Éinniú mar aon le go leor eile.

I rith an lae ar an Domhnach beidh lá iontach de cheol agus amhráin agus damhsa geallta nuair a sheolfar dhá dhlúthdhiosca den scoth, an dlúthdhiosca The Quite House leis an gceoltóir Noreen O’Sullivan agus ceann le Danny O’Mahony agus Micheal Ó O’Raghallaigh agus .

Más deireadh seachtaine de scoth an cheoil thraidisiúnta agus na amhránaíochta agus damhsa ar an sean-nós atá uait tabhair aghaidh siar ar cheantar Charna ag tús mhí Bealtaine! 

Tá tuilleadh eolais maidir le himeachtaí le fáil ach glaoch ar Mhicheál Ó Cuaig: 095-33599 / 086-3778055 nó seol ríomhphost chuig:  michealocuaig@hotmail.com.

 

© Foilsithe ar Gaelport.com - 17 Aibreán 2012

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:

As na Nuachtáin: Clifden Traditional Music Festival

Dlúthdhiosca Noreen O’Sullivan le buachan

Ceolchoirm RnaG i nDoire

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>