Tá réimse leathan le roghnú ó Bábóg Baby, an béirín a labhraíonn Gaeilge, go Scrabble as Gaeilge.
B’fhéidir gur mhaith leat cabhrú le duine éigin a gcuid Gaeilge a fheabhsú nó gur mhaith leat bealach lán le spraoi a léiriú dóibh le pointí tábhachtacha a bhaint amach ins an bhéaltriail. Céard faoi dearbhán le haghaidh cúrsa samhraidh i gceann de na Coláistí Samhraidh atá lonnaithe i Maigh Eo a fáil dóibh - Coláiste MhuighEo, Coláiste Riocard Bairéad, Coláiste Acla nó U.I.S.C.E, nó dearbhán le haghaidh ranganna le Conradh na Gaeilge – beidh siad ag foghlaim gan dua.
Tá Gnó Mhaigh Eo ag obair i gcomhar lena siopaí áitiúla sa bhfeachtas seo Bronntanas na Teanga - Give the gift of Gaeilge. Bí ag faire amach do na póstaeir Bronntanas na Teanga i do shiopa leabhair nó bréagáin áitiúil agus buail isteach chucu.
Níos fearr fós, tacaigh le gnóthaí Mhaigh Eo agus déan rogha as na leabhair áille atá ag Cló Mhaigh Eo , foilsitheoir as Clár Chlainne Mhuiris nó na cártaí beannachta dátheangacha atá ar fáil ó Wild Ideas, Béal an Átha nó Design West i gCoillte Mach. Nó CD breá le ceol ó Mhaigh Eo - Glór Mhaigh Eo, Ceol agus Ealaíon nó An Máinséar le Cór Cheathrú Thaidhg mar shampla.
Tá socraithe déanta ag Gnó Mhaigh Eo le cuid mhaith soláthraithe go mbeidh na táirgí seo ar fáil sna i do cheantar. Má bhíonn aon deacracht agat teacht orthu, nó más maith leat liosta de tháirgí Gaeilge cur scairt orainn ar 098 26555 nó seol ríomhphost chugainn ag eolas@gnomhaigheo.ie.
Foilsithe ar Gaelport.com 02 Nollaig 2011
↧