Ní bhíonn tús ná deireadh leis, ná deighilt ar bith ann, agus léiríonn sé comhlántacht agus síoraíocht.
Roghnaíodh an Fáinne mar shiombail a nascfadh an duine leis an nGaeilge ag tús an chéid seo caite agus cé go bhfuil cuma éagsúil leis an tseanstíl air anois, caitear an Fáinne fós mar chomhartha go bhfuil Gaeilge agat agus go bhfuil tú toilteanach í a labhairt.
Tá suaitheantais ann do gach leibhéal Gaeilge, mar sin, is féidir Fáinne a chaitheamh más Connamarach tú nó más Astrálach tú, ag léiriú do gach aon duine mórthimpeall ort go bhfuil tú bródúil as an méid Gaeilge atá agat.
-Is do dhaoine le cumas bunúsach sa Ghaeilge atá an Fáinne Airgid - €4.00
-Léiríonn an Fáinne Óir go bhfuil líofacht sa Ghaeilge agat - €5.50
-Tá an Seanfháinne (Ór) ar fáil chomh maith dóibh siúd ar mhaith leo é - €7.00
-Tá suaitheantas dar teideal 'Cúpla Focal' ar fáil dóibh siúd ar bheagán Gaeilge atá bródúil as an gcúpla focal atá acu - €4.00.
Bronnann Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge Duais an Fháinne i gComórtas idirnáisiúnta Ghlór na nGael ar an gcoiste áitiúil is mó a chuireann fealsúnacht agus caitheamh an Fháinne chun cinn.
Is féidir Fáinne - bioráin ar ardchaighdeán, atá snasta, loinnreach agus álainn, a cheannach le do chuid Gaeilge féin a léiriú, nó níos fearr fós, mar bhronntanas do do mháthair, nó do bhuachaill, nó duine ar bith eile a bhfuil Gaeilge acu.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 16 Aibreán 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
Ardú de 7% ar líon na gCainteoirí Gaeilge
As na Nuachtáin: Béarla, Béarla, Béarla!
As na Nuachtáin: Lucht na teanga ag cogaint staitisticí an daonáirimh go smior
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge