Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gradam Gaeilge bronnta ar sheirbhís thacaíochta do dhaoine faoi mhíchumas

$
0
0
Tugann an tseirbhís tacaíocht do dhaoine atá faoi mhíchumas postanna a aimsiú agus a choinneáil sa mhargadh oscailte saothair. Tá siad lonnaithe in Ionad John Paul, i mBaile Bán na Gaillimhe.

Tá an Ghaeilge in úsáid acu go laethúil i gcomharthaíocht, i stáiseanóireacht agus ar an suíomh gréasáin.  Tá fáil ar an tseirbhís iomlán trí Ghaeilge le trí bliana anuas.

Ba é Aire Stáit na Gaeltachta, Dinny McGinley TD a bhronn an Gradam ag an ócáid a  bhí eagraithe ag Gaillimh le Gaeilge.  “Is léir go bhfuil an Ghaeilge beo bríomhar i saol laethúil na ndaoine anseo i gcathair na Gaillimhe”, a dúirt sé.

Thagair sé don Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus dúirt sé go raibh deiseanna ann do mhuintir na cathrach aitheantas a fháil faoin mBille Gaeltachta 2012 atá á dhréachtú faoi  láthair.

Mhol sé d’ eagraíochtaí sa chathair tús a chur leis an bpróiseas agus plean teanga a chur le chéile go luath.

Bronnadh pacáiste fógraíochta ar luach €5,000 ón Galway Advertiser mar aon le feachtas poiblíochta náisiúnta chomh maith le ceardlann comhairliúcháin agus caidreamh poiblí agus margaíochta ó D’Arcy Marketing ar bhuaiteoirí Ghradam Sheosaimh Uí Ógartaigh freisin.

Ar na buaiteoirí eile a fógraíodh aréir, tugadh aitheantas do McCambridges of Galway mar bhuaiteoir ar an gcatagóir ‘miondíol’,  an caifé Cupán Tae sa chatagóir ‘turasóireacht agus Fáilteachas’ agus bronnadh duais ar Galway Peoples’ Resource Centre sa chatagóir ‘comhlachtaí eile’.

Tugann na gradaim seo aitheantas do chomhlachtaí a chuireann an Ghaeilge chun cinn  i saol na cathrach.

© Foilsithe ar Gaelport.com 20 Aibreán 2012

 

 

Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:

Comhaltaí nua ceaptha ar Bhord TG4

Príomhfheidhmeannach nua ceaptha ar Údarás na Gaeltachta

Folúntais: Post mar léachtóir Béaloidis

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #gaillimhlegaeilge

 



Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>