Is cinnte go bhfuil cursaí eacnamaíochta go dona sa tír faoi láthair.
Táimid i lár an chúlaithe eacnamaíochta is measa riamh in Éirinn, tá os cionn 400,000 gan phost agus tá breis is 70,000 Éireannach imithe ar eisimirce le bliain anuas. Is deacair an rud é meon dearfach a spreagadh i muintir na tíre i láthair na huaire. Ach dá gcaithfeá súil ar http://www.gaelport.com/foluntais, d'fheicfeá, in ainneoin na gcúinsí reatha, tá earnáil na Gaeilge faoi lán seoil agus tá an t-úafás deiseanna fostaíochta ar fáil i ngach cúinne den tír.
Tá eagarthóir teilifíse, oifigeach forbartha Gaeilge Ghlór na Móna, agus oifigeach feidhmiúcháin d’Fhoras na Gaeilge á lorg ó thuaidh, chomh maith le deis iontach ar scéim oiliúna atá ar fáil faoi láthair le Scáileáin Thuaisceart Éireann.
Leanann an réimse leathan oibre i gCúige Mumhan le poist idir bhainisteoir le Coláiste Íde agus léachtóir béaloidis i UCC fógartha le déanaí.
Mar is gnách ag an am seo den bhliain, tá deiseanna múinteoireachta i nGaeltacht Chonamara mar aon le folúntas do bhainisteoir naíonra i gContae Maigh Eo.
Ó thaobh na príomhchathrach de, níl deireadh go deo leis na deiseanna atá ar fáil dóibh siúd atá ag cuardach poist. Tá folúntais ann do mhúinteoirí Gaeilge le Coláiste Hibernia, do stiúrthóir naíonra, agus d’fheidhmeannach riaracháin leis An Timire. Más tá spéis agat i gcursaí scríbhneoireachta tá intéirneacht foilsitheoireachta á lorg ag Comhar agus tá folúntas i gcroílár na hearnála mar Stiúrthóir le Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge.
Tá Roinn Ghaeilge Choláíste Phádraig ag dul ó neart go neart na laethanta seo le poist mar léachtóir, léachtóir cúnta agus oifigeach na Gaeilge go léir le líonadh acu. Chomh maith leis sin tá deis do mhúinteoirí Gaeilge cur is teach ar Chomhaltacht Shéamuis Uí Mhórdha.
Is léir ón méid seo gur buntáiste ollmhór í an Ghaeilge i gcóras fostaíochta Éireann uile agus éiríonn an scéal níos fearr fós le neart folúntas nua fógartha ar Gaelport.com gach uile sheachtain. Mar sin, déan cinnte súil a choinneáil ar an suíomh ionas go mbeidh an nuacht is déanaí maidir le hearnáil na Gaeilge agat gach lá.
Tá gach eolas ar na poist seo agus neart eile ar fáil anois ar http://www.gaelport.com/foluntais.
© Foisithe ar Gaelport.com - 15 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
As na Nuachtáin: Publication of Irish language survey welcomed
Stiúrthóir á lorg ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge
MA / Dioplóma Iarchéime (Cumarsáid) (Leibhéal 9)
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge