Tá deis eile ar fáil chun tacú le cultúr agus cruthaíocht na hÉireann i nGaeltacht Phort Láirge.
Beidh Comhdháil na nDéise á reachtáil in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge ar an 7 Meitheamh.
Díreofar ar gach gné de Ghaeilge agus de Ghaeltacht na nDéise, ag tógáil na litríochta, na staire, na canúna, na hamhránaíochta, an cheoil agus an chultúir san áireamh.
Tá Gaeltacht Phort Láirge suite sé mhíle ó Dhún Garbhán agus feictear go bhfuil saibhreas litríochta, teanga agus béaloidis ar fáil go forleathan inti.
Beidh Comhdháil na nDéise á oscailt go hoifigiúil ag Aire Stáit na Gaeltachta Donnchadh Mac Fhionnlaoich TD ag 11.30 rn ar an 7 Meitheamh.
Beidh roinnt scoláirí Gaeilge ag glacadh páirt sa Chomhdháil chun a gcuid saothar a chur i láthair i dteannta bheirt aoichainteoirí mór le rá – An tOllamh Pádraig Ó Macháin, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath agus Nioclás Mac Craith, an scoláire Gaeilge.
Beidh na himeachtaí ar fad ar siúl sa Halla Éisteachta T&L, Príomhchampas WIT, Sráid Chorcaí agus is trí mheán na Gaeilge a bheidh siad.
Cuirfear aistriúcháin chomhuaineacha Bhéarla ar fáil chomh maith.
Seolfaidh an tAire Mac Fhionnlaoich Cartlann Chultúr na hÉireann mar chuid d’imeachtaí an Chomhdhála.
Beidh réimse leathan de bhailiúcháin sa chartlann; Bailiúchán Bobby Clancy, Bailiúchán Ghaedhealuinn na nDéise agus bailiúchán de lámhscríbhinní agus taifeadtaí a bronnadh ar an Institiúid ina measc.
Tá tuilleadh eolais le fáil ar an suíomh gréasáin http://www.wit.ie/news/pdf2.pdf
© Foilsithe ar Gaelport.com - 18 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #Comhdháilnandéise