Táthar ag súil go dtiocfaidh borradh mór faoi thurasóireacht i gConamara le fógra an Aire Gaeltachta Dinny McGinley arú inné go bhfuil ionad oidhreachta nua ar na bacáin do theach an Phiarsaigh i Ros Muc.
Thug an tAire le fios go bhfuil iarratas ar dheontas caipitil curtha faoi bhráid Fáilte Ireland agus táthar ag súil go mbeidh an t-ionad oidhreachta tógtha in am do chomóradh céad bliain Éirí Amach 1916.
Tá feachtas ar bun le beagnach fiche bliain anuas ionad cuairteoirí a thógáil agus dar leis an Seanadóir Trevor Ó Clochartaigh bhí amhras “nach dtarlódh an ionad seo, mar go raibh sé curtha ar an méar fhada le fada agus de bharr cúinsí reatha eacnamaíochta”.
Níl an plean ach ina thús agus má éiríonn leis ceaptar go gcuirfear tús leis an obair tógála i 2014. Bunaíodh grúpa le hionadaithe ó Údarás na Gaeltachta agus Oifig na nOibreacha Poiblí leis an bplean a fhorbairt agus tá i gceist go mbeidh ionad cuairteoirí nua-thógtha, cosán léirmhíninithe agus an teach stairiúil féin.
“Is iontach an scéala é go bhfuil sé beartaithe ag an Rialtas reatha dul ar aghaidh leis anois”, a dúirt an Seanadóir Ó Clochartaigh.
“Tá tábhacht thar na bearta leis an ionad seo’, a deir sé. ‘Tabharfar chun cuimhne an Phiarsach féin, réabhlóidí, file, oideachasóir agus Gaeilgeoir. Sa bhreis ar sin cruthófar suíomh fíor luachmhar turasóireachta agus oidhreachta a thabharfadh instealladh mór eacnamaíoch do Chonamara’”.
Meastar go bhféadfadh an t-ionad ioncam measta de suas €4m a ghiniúint, bunaithe ar 60,000 cuairteoir sa bhliain agus agus go bhféadfadfh cuairteoirí eachtrannacha idir €1.4m agus €2.3m a chaitheamh in Éirinn in aghaidh na bliana ag eascairt go díreach ón tionscnamh seo.
Buaileann an treoraí Máirtín Maher leis na tuarasóirí ar leac an dorais gach lá sa teach stairiúil agus tá sé cinnte go mbeidh éileamh ar an ionad oidhreachta.
“ Níl aon dabht ar bith go gcuirfeadh an t-ionad nua leis an teach féin agus rud ar bith a thabharfaidh leis turasóirí isteach ann, níl aon dabht ach go mbeidh an t-ionad nua atá beartaithe in ann é sin a dhéanamh”, a deir Martin Maher atá mar threoraí san ionad. Fostaítear triúr treoraí sa teach gach samhradh.
Thagadh an Piarsach ar chuairt ar Ros Muc gach samhradh agus sa teach stairiúil tá dhá seomra codlata agus tá an struchtúr mar a bhí sé nuair a bhí an Piarsach ann.
Dar leis an Aire beidh an ionad nua ina "lárphointe cultúrtha" don réigiún agus cuirfidh sé feabhas ar áiseanna do chuairteoirí sa cheantar máguaird.
“ Tabharfaidh an t-ionad léargas do chuairteoirí ar thábhacht na Gaeilge don náisiún i súile an Phiarsaigh agus ar thábhacht chultúr na Gaeilge agus an tírdhreach mórthimpeall mar thobar na n-oidhreachta”, a dúirt an tAire Stáit McGinley.
©Foilsithe ar Gaelport.com 24 Bealtaine 2012
Ionad fáilte nua do Ghaeltacht Dhún na nGall

Sean go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Picnic náisiúnta do theaghlaigh le GaeilgeIonad fáilte nua do Ghaeltacht Dhún na nGall
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge