Tugadh aitheantas do Chathal Póirtéir, Pháidí Ó Lionáird agus do Bhrídín Nic Dhonncha ó 'Ros na Rún' i measc daoine eile i gcathair na Gaillimhe dé hAoine, áit ar bronnadh Gradaim Chumarsáide an Oireachtais orthu.
Tháinig Aire Stáit na Gaeltachta Dinny McGinley TD ar chuairt agus chuir sé béim ar an ról atá ag na meáin Ghaeilge i gcur chun cinn na Gaeilge.
“Creidim go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le hearnáil na meán Gaeilge: ní hamháin go bhfuil sí ag cuidiú le gnéithe tábhachtacha dár gcultúr a chaomhnú ach tá sí ag spreagadh fuinnimh agus cruthaíochta i measc ealaíontóirí agus daoine gairmiúla araon, ar mian leo slite beatha fiúntacha a bhaint amach trí mheán na Gaeilge ” a dúirt an tAire Stáit.
Tá Raidió na Gaeltachta ag ceiliúradh 40 bliain ar an bhfód i mbliana agus thug an craoltóir seirbhíse poiblí dhá ghradam leis ar an oíche. Bronnadh gradam craoltóir raidió na bliana ar Ghearóid Mac Donncha agus chomh maith leis sin bhain 'Adhmhaidin' an gradam Clár Raidió na Bliana.
Tugadh an gradam saoil don chraoltóir agus léiritheoir raidió Cathal Poirtéir agus tugadh aitheantas don éacht atá déanta ag Cathal na healaíona agus litríocht na Gaeilge a chur chun cinn ar an raidió ach go háirithe le linn dó bheith ag obair le RTÉ ar feadh 30 bliana.
Bhí iomaíocht ghéar idir an dá nuachtán náisiúnta Ghaeilge, Gaelscéal agus Foinse ag na gradaim chomh maith ach tugadh duaiseanna d’iriseoirí ón dá nuachtán ag an deireadh. Bhuaigh Orla Bradshaw, eagarthóir nuachta le Foinse an gradam d’iriseoir na bliana agus bronnadh gradam ar an gcraoltóir raidió Today FM Conall Ó Móráin dá cholúnaíocht in Gaelscéal. Ba é an clár teilifíse ‘Scéal na Gaeilge’ a thug leis an gradam don shraith teilifíse is fearr. Tugadh ardmholadh don tsraith staire agus faisnéise leis an gcomhlacht léiriúcháin ROSG níos túisce sa bhliain don bhealach ar thug sé faoin ábhar a chur i láthair ar bealach spraíúil.
Tugadh gradam don aisteoir Brídín Nic Dhonncha ó Ros na Rún dá cuid aisteoireachta mar ‘Gráinne’ sa sobalchlár agus bronnadh pearsa teilifíse na bliana ar an gcraoltóir agus colúnaí Gaelscéal Páidí Ó Lionáird as ucht a chuid oibre ar an gclár cúrsaí reatha '7 Lá'.
©Foilsithe ar Gaelport.com 21 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta a leanas:
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter.com: #gaeilge #GradC12
Ba é an léitheoir nuachta RTÉ Aengus Mac Grianna a bhí ina fhear an tí agus d’fhreastail mór-uaisle na meán Gaeilge, iriseoirí, aisteoirí agus láithreoirí ina measc ag an ócáid ghalánta.

Cathal Póirtéir, buaiteoir an ghradaim saoil ag Gradaim chumarsáide an Oireachtais i nGaillimh ar 18 Bealtaine.
Íomhá: Seán Ó Mainnín