Beidh an t-amhránaí sean-nós Antaine Ó Farachán ar stáitse san ardchathair i dtigh tábhairne an Cobblestone i mBaile Átha Cliath ar 05 Meitheamh.
Beidh an t-amhránaí ag glacadh páirte in oíche mhór ceoil thraidisiúnta agus amhránaíochta atá eagraithe ag na Píobairí Uileann.
Ag dul chun stáitse ar an oíche beidh an píobaire iomráiteach as Sráid na Cathrach i gContae an Chláir Séamus Ó Rócháin agus ar na ceoltóirí clúiteacha eile ina measc beidh Bríd O Donohue ar an bhfeadóg stáin, an fidléir Éamonn McGivney agus an boscadóir Seán Garvey.
Tá aithne mhaith ar Antaine mar amhránaí den scoth agus le blianta beaga anuas chuir sé dhá shraith teilifíse i dtoll a chéile faoin amhránaíocht dhúchasach do TG4.
Osclófar na doirse ag 9:00pm Tuilleadh eolais ar www.pipers.ie.
© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012
Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas:
As na Nuachtáin: Féile Cholm Cille
As na Nuachtáin: Scoil Uí Néill
As na Nuachtáin: Teanga agus trioblóidí
Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge #feile