Quantcast
Channel: Gaelport - An nuacht is déanai
Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945

Gnáthlá oibre

$
0
0

Sa tuairisc seo tugann Niamh Ní Chadhla faoi sheirbhísí a lorg trí mheán na Gaeilge ó chomhlachtaí poiblí. Cén toradh a bheidh lena fiosrúcháin?

Is mise Niamh Ní Chadla agus  is mac léinn mé a bhíonn ag tabhairt faoi na gnáthchúramaí lae cosúil le gach duine eile. Bhí athnuachan le déanamh ar an bpas le déanaí agus bheartaigh mé tionscadal taighde a dhéanamh ar conas mar a bheadh inneall an státchórais sásta glacadh liom mar chainteoir Gaeilge.

Is mac léinn na Gaeilge mé agus bíonn sí á labhairt agam d’aon ghnó an chuid is mó den am. Ba é an tuiscint a bhí agam ar an scéal ná go mbeadh seirbhísí  poiblí á gcur ar fáil dom trí mheán na Gaeilge más mian liom é.

Ós rud é go bhfuil Scéim Teanga ag Údarás an Gharda Síochána agus ag an Roinn Gnóthaí Eachtracha a bhfuil cúram oifig na bPas orthu tá dualgais áirithe orthu seirbhís a chur ar fáil sa dá theanga oifigiúla.

Mar sin tá sé de cheart agam foirmeacha pas a fháil i nGaeilge agus seirbhís chustaiméara a lorg ó na Gardaí taobh istigh de thréimhse áirithe.

Cén caoi a n-éireoidh liomsa mar chainteoir líofa ag cur fúithi i dTamhlacht sa phríomhchathair seirbhís a fháil trí Ghaeilge lasmuigh don Ghaeltacht?

I dtosach báire bhí orm cuairt a thabhairt ar stáisiún na nGardaí i nDún Droma agus ba iad na cuspóirí a bhí agam ná:

1. An fhoirm don phas a fháil as Gaeilge ón nGarda
2. Treoir a fháil ón nGarda féin maidir leis an bhfoirm a líonadh amach i gceart
3. Stampa agus síniú a fháil uirthi

Bhí sé mar sprioc agam mo ghnó ar fad a dhéanamh  as Gaeilge, ar ndóigh.

An Garda Síochána
Nuair a chas mé leis an nGarda sa stáisiúin, d’iarr mé air an raibh Gaeilge aige, dúirt sé ‘not really’. Ansin, d’iarr mé air an raibh aon duine eile ann a bheadh ábalta déileáil liom toisc go raibh mé ag iarraidh mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge.  Dúirt sé nach raibh agus le doicheall, ‘I’ll give it a bash then’.

Níor éirigh ró-mhaith linn, dhiúltaigh an Garda labhairt as Gaeilge liom agus dhiúltaigh mise mo ghnó a dhéanamh as Béarla.

Ba phraiseach de chomhrá a bhí ann agus ba chúis gáire é d’aon dhuine eile a bhí ag éisteacht leis.  Ní raibh mé sásta áfach nuair nach raibh leagan Ghaeilge den fhoirm a bhí uaim acu ach an oiread.

Cé gur thuig an Garda an chuid is mó a bhí á rá agam bhí frustrachas agus fearg air agus thréig sé an comhrá agus mé ag líonadh na foirme amach. Tháinig Garda difriúil a thuig níos lú ná mar a thuig an Garda eile agus faoi dheireadh shocraigh mé na ceisteanna a bhí agam a fhágáil gan fhreagra agus ghlac mé le síniú an Gharda aineolaigh.

Bhí fearg orm féin ag fágáil an stáisiúin mar thoradh ar an easpa cabhrach agus an drochdhearcadh a bhí acu. Bhí comórtas ceanndánachta ar siúl eadrainn agus chloígh an triúir againn lenár dteanga féin agus muid ag glacadh páirte sa chomhrá céanna.

Ní hamháin nach raibh na Gardaí sásta an Ghaeilge a labhairt ach bhíodar feargach toisc go raibh a fhios acu go raibh an Béarla agam agus nach raibh mé sásta é a úsáid.

Is léir gur beag an chosaint atá ag saoránaigh seirbhís a lorg ó na Gardaí lasmuigh de na ceantair Ghaeltachta.

Oifig na bPasanna
D’éirigh i bhfad níos fearr liom in Oifig na bPasanna. Chuaigh mé suas chuig an gcuntar agus dúirt mé leis an mbean óg gur theastaigh uaim mo ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge. An freagra a fuair mé uaithi ná “Are you speaking’ Irish, yeah? Oh my God, fair play to you, hang on and I’ll go get someone now.”

Bhí mé ag fanacht thart ar chúig nóiméad don bhean agus nuair a tháinig sí aníos chugam bhí sí cairdiúil agus cabhrach agus lánsásta an próiseas a dhéanamh as Gaeilge.

D’éirigh liom mo ghnó iomlán a dhéanamh as Gaeilge agus chur sí ar an eolas mé go raibh dhá cháipéis ag teastáil uaim le dhá bhliain anuas a léiríonn go mbíonn m’ainm Gaeilge in úsáid agam, chun go mbeidh an t-ainm léirithe ar an bpas.

Mhothaigh mé sásta go raibh seirbhís ar an gcaighdeán céanna á fáil agam trí Ghaeilge agus a bhfaighfeá as Béarla ach cuireadh ionadh orm nuair a dúirt an bhean go raibh mise ar an dara duine laistigh de thrí bliana a d’iarr seirbhís trí Ghaeilge uathu.

Bhí bród ag sreabhadh tríd na féitheacha agus mé ag plé le cúrsaí gnó as Gaeilge. Bhí orm fanacht don tseirbhís ach níor chuir sé sin isteach orm, ba í an taithí a bhí mé ag súil leis agus an taithí a theastaigh uaim agus mé ag iarraidh mo chearta a chur i bhfeidhm.

© Foilsithe ar Gaelport.com - 29 Bealtaine 2012


Seans go mbeidh suim agat sna scéalta seo a leanas
:

As na Nuachtáin: Comhlachtaí poiblí ag briseadh an dlí

Faillí na nGardaí i gceantar Gaeltachta

Aois Nua do ‘Nua-Aois

 

Lean an scéal seo agus @Gaelport ar Twitter: #Gaeilge


Viewing all articles
Browse latest Browse all 1945


<script src="https://jsc.adskeeper.com/r/s/rssing.com.1596347.js" async> </script>